Réigiún an Lár-Iarthair
| Suíomh | ||||
|---|---|---|---|---|
| ||||
| Stát ceannasach | Éire | |||
| Aitheantóir tuairisciúil | ||||
| Cód NUTS | IE051 | |||

Is ceantar straitéiseach pleanála é Réigiún an Lár-Iarthair laistigh de Réigiún an Deiscirt. Faoin aicmiú NUTS le Eurostat, is réigiún leibhéal III é, le cód IE051.[1]
Tíreolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an réigiún suite ar imeallbhord iarthair na hÉireann, leis an Aigéan Atlantach laistiar agus leis an Sionainn ag sreabhadh tríona lár ó Loch Deirgeirt go dtí an fharraige. Tá ann na contaetha an Chláir agus Thiobraid Árann rary, agus cathair agus Contae the city and county of Luimnigh. Tá achar 10,511 km2 aige, 14.95% den iomlán sa stát.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Roimh an mbliain 2014, bhí an ceantar rialaithe ag an Údarás Réigiúnach Lár-Iarthair Bhíodh ann 26 teachta, ainmnithe as ceithre Údarás mar a leanas:[2]
- Comhairle Contae an Chláir (7)
- Comhairle Cathrach Luimnigh (6)
- Comhairle Contae Luimnigh (7)
- Comhairle Contae Thiobraid Árann Thuaidh (6)
Tionól Réigiúnach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2014, cuireadh deireadh leis na hÚdaráis Réigiúnacha agus bunaíodh ina n-ionad na Tionóil Réigiúnacha.[3]
Rinneadh athruithe do rialtas áitiúil an Lár-Iarthair sa bhliain 2014:
- Aontaíodh Contae Thiobraid Árann Thuaidh agus Contae Thiobraid Árann Theas le chéile i gceantar rialtais áitiúil amháin, Contae Thiobraid Árann,
- Rinneadh Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh a chónascadh.
Bhí dhearnadh aon aithrighe don chéad NUTS go dtí an bhliain 2018, nuair a tógadh Contae Thiobraid Árann iomlán i Réigiún an Lár-Iarthair isteach.[1][4] Roimh an athrú, bhí Tiobraid Árann Theas mar chuid de Réigiún an Oirdheiscirt.
Mar a bhí roimh 2014, tá ann sa Lár Iarthar mar údarás an Comhairle Contae an Chláir.
Cruthaítear Tionól Réigiúnach an Deiscirt as ionadaí na Comhairlí seo, agus as sin tagann Coiste Straitéiseach Pleanála an Lár-Iarthair.[5]
Bhí Forbairt na Sionainne ann roinnt an mbliain 2014, agus ann sa chomhlacht réigiún iomlán an Lár-Iarthair, i dteannta le Contae Chiarraí Thuaidh (suite i réigiún an Iardheiscirt) agus Uíbh Fhailí Theas (suite i Réigiún Lár na Tíre). Cuireadh deireadh leis an gcomhlacht seo sa bhliain úd.
Déimeagrafach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Dar le daonáireamh na hÉireann 2016, bhídaonra 473,269 duine sa Réigiún Lár-Iarthair, 'sé sin, tuairim is 9.9% den iomlán sa stát.[6] De réir an of the daonáireamh 2022, taifeadadh daonra 505,369 duine.[7] Mar thoradh, tá dlús daonra de 45.0 duine/km2.
Tá Cathair Luimnigh ina cheantar uirbeach is mó sa réigiún, díobháilte ina mheasc, agus daonra 102,000 (2016).[6]
Geilleagar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá geilleagar an réigiúin bunaithe timpeall ar Luimneach agusSionainn (baile). Tá ann Limistéar Neamhchustaim na Sionainne, Aerfort na Sionainne, Poirt Inbhear na Sionainne, Páirc Teicneolaíochta Náisiúnta Luimnigh, agus i dteannta sin Ollscoil Luimnigh agus Institiúid Teicneolaíochta Luimnigh. Faightear ann earnála gnó amhail is bith-theicneolaíoch, teicneolaíocht faisnéise agus chumarsáide (TFC), aeraspás, turasóireacht, gnó talmhaíochta agus lóistíocht.[8]
Tá chuid mhór de gheilleagar an Lár-Iarthair bunaithe ar talmhaíocht. Is mór-ionad trádáil beostoic é Marglann an Chláir in Inis. Síneann Machaire Méith na Mumhan ó Luimneach Thoir i gContae Thiobraid Árann isteach.
Thar na blianta:
- 2003: Bhí líon 160,400 duine sa lucht oibre, 'sé sin ráta fostaíochta 96.7%. Bhí 61.8% fostaithe i seirbhísí, 29.8% i dtionscal agus 8.3% i dtalamhaíochta.[8]
- 2012: Dar le Eurostat, bhí ag an réigiún olltáirgeacht intíre (OTI) de €11.468 bn agus OTI per capita de €30,300.[9]
- 2014: dar leis an bPríomh-Oifig, bhí OTI de €12.116 bn agus OTI per capita de €31,792.[10]
- 2016: bhí ráta dífhostaíochta de 6%, ar cheann desna rátaí is lú i nÉirinn.[11]
- 2016: bhí an luach is lú de dhíolachán talún i nÉirinn le €16.5 milliún.[12]
Iompar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is é Aerfort na Sionainne an t-aon aerfort sa cheantar, le haerbhealaí go dtí An Ríocht Aontaithe agus mór-roinn más hEorpa, chomh maith le eitiltí trasatlantacha go dtí na Stáit Aontaithe.
Nascann an M7 Luimneach le Baile Átha Cliath. Is seach-chonair é an N18/M18 agus Tollán Luimnigh ar an dlí, timpeall cathair Luimnigh chuig Sionainn, Inis agus Gaillimh. Téann an N/M20 idir Corcaigh agus Ciarraí.
Mór-lonnaíochtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Seo a leanas liosta desna dhá lonnaíocht is tríocha is mó atá i Réigiún an Iarthair. Dírítear aird ar phríomhbhailte contae le cló trom.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 "Revision to the Irish NUTS2 and NUTS3 regions". Príomh-Oifig Staidrimh. Dáta rochtana: 23ú Aibreán 2023.
- ↑ An tAcht um Rialtas Áitiúil, 1991 (Údaráis Réigiúnacha) {Bunú} Ordú 1993, Sínithe ar an 20ú Nollaig 1993. Ionstraim Reachtúil Rialtas na hÉireann. Faighte ó Leabhar Reachtanna na hÉireann ar an 25ú Feabhra 2022
- ↑ Local Government Act 1991 (Regional Authorities) (Amendment) Order 2014 (I.R. Ui. 228/2014[nasc briste go buan]). Sínithe ar an 29ú Meitheamh 2014. Ionstraim Reachtúil Rialtas na hÉireann. Faighte ón Leabhar Reachtanna na hÉireann ar an 24ú Márta 2019.
- ↑ "Commission Regulation (EU) 2016/2066 amending the annexes ... [of ... NUTS]". EUR-Lex. Dáta rochtana: 15ú Lúnasa 2025.
- ↑ Local Government Act 1991 (Regional Assemblies) (Establishment) Order 2014 (I.R Ui. 573/2014[nasc briste go buan]). Sínithe ar an 16ú Nollaig 2014. Sínithe ar an 29ú Meitheamh 2014. Ionstraim Reachtúil Rialtas na hÉireann. Faighte ó Leabhar Reachtanna na hÉireann ar an 24ú Márta 2019.
- ↑ 6.0 6.1 "Census of Population 2016". Geographical distribution. Central Statistics Office (6ú Aibreán 2017). Dáta rochtana: 6ú Aibreán 2017.
- ↑ "FP005 Components of Population Change 2016 to 2022" (23ú Meitheamh 2022). Dáta rochtana: 12ú Márta 2023.
- ↑ 8.0 8.1 "Regions of Ireland: The Midlands". Irish Regions Office (archive). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-01-10. Dáta rochtana: 2025-08-26.
- ↑ "Eurostat - Data Explorer". Dáta rochtana: 2014-10-06.
- ↑ "County Incomes and Regional GDP 2014". Príomh-Oifig Staidrimh.
- ↑ Earráid leis an lua: Invalid
<ref>tag; no text was provided for refs namedcso2016 - ↑ "Agricultural Land Prices 2016 - CSO - Central Statistics Office" (27ú Deireadh Fómhair 2017).
<ref> tag with name "csohouse2016" defined in <references> is not used in prior text.