Jump to content

Réigiún an Iarthair

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Iarthar na hÉireann le haird dírithe ar gach aonad rialtais áitiúil.

Is ceantar straitéiseach pleanála é Réigiún an Iarthair laistigh de Réigiún an Tuaiscirt agus an Iarthair. Faoin aicmiú NUTS le Eurostat, is réigiún leibhéal III é, le cód IE042.[1]

Tíreolaíocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an réigiún suite ar imeallbhord iarthair na hÉireann, leis an Aigéan Atlantach laistiar agus leis an Sionainn lastoir. Tá ann na contaetha na Gaillimhe, Maigh Eo agus Ros Comáin, agus Cathair na Gaillimhe. Tá achar 13,801 km2 aige, 20% den iomlán sa stát.

Ón mbliain 1994 go dtí 2014, bhí an ceantar san iarthar faoi riail Údarás Réigiúnach an Iarthair. Bhíodh ann 28 teachta ainmnithe as na ceithre Údarás mar a leanas:[2]

Bhí ann san áireamh fosta an t-ionadaí ar Choiste Eorpach na Réigiún.[2] Bhuaileadh iad siúd uair sa mhí.

Tionól Réigiúnach

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2014, cuireadh deireadh leis na hÚdaráis Réigiúnacha agus bunaíodh ina n-ionad na Tionóil Réigiúnacha.[3]

Mar a bhí áfach roimh 2014, is iad na comhúdaráis ná Comhairle Cathrach na Gaillimhe, agus Comhairlí Contae na Gaillimhe, Mhaigh Eo agus Ros Comáin. Cruthaítear Tionól Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair as ionadaí na Comhairlí seo, agus as sin tagann Coiste Straitéiseach Pleanála an Iarthair.[4]

Déimeagrafaíocht agus cultúr

[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir na daonáirimh 2022, bhí daonra 485,966, 'sé sin 9.43% den daonra náisiúnta,[5] agus dlús daonra de 35 duine an km2. Bhí 85,910 duine ina gcónaí i bpríomhchathair na Gaillimhe.

Is tuaithe é an réigiún go formhór níl ach 30% dá dhaonra ina chónaí i gceantair uirbeacha. Tá clú agus cáil aige agus é téann ina chultúr Ghaelach, amhail is an Ghaeilge féin sna Gaeltachtaí.

De réir sonraí Eurostat don bhliain 2012, bhí sa réigiún olltáirgeacht intíre (OTI) de €13.802 bn agus OTI per capita de €31,500.[6]

Tá turasóireacht mór le rá ag baint leis an réigiún. Mealltar daoine ann a bhuí lena acmhainní nádúrtha amhail is a aibhneacha agus lochanna, a shléibhte agus machairí, a thránna, oileáin agus imeallbhord creagach.

Críochnaíodh an Mótarbhealach M6 idir Gaillimh agus Áth Cliath, sa bhliain 2009.[7] Osclaíodh an Mótarbhealach M18 ón Mótarbhealach M6 chuig Sionainn sa bhliain 2010. Osclaíodh síneadh gearr ó thuaidh chuig Tuaim, faoin ainm an Mótarbhealach M17, sa bhliain 2017.

Tá príomhlíne iarnróid i mbun seirbhíse ó Bhaile Átha Cliath chuig Gaillimh agus Maigh Eo dís. Osclaíodh Conair Iarnród an Iarthair arís sa bhliain 2010 chomh fada leis an ngabháil leis an Líne Iarnróid Áth Cliath-Cathair na Mart/Gaillimh ag Baile Átha an Rí.

Is aerfort idirnáisiúnta é Aerfort Iarthar Éireann Chnoc Mhuire. Tá eitiltí i mbun seirbhíse go dtí an Ríocht Aontaithe agus mór-roinn na hEorpa.

Mór-lonnaíochtaí

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Seo a leanas liosta desna trí lonnaíocht déag is mó le fáil i Réigiún an Iarthair. Dírítear aird ar phríomhbhailte contae le cló trom.

Bailte
# Baile Contae Daonra
(2022[5])
1 Gaillimh Gaillimh 85,910
2 Caisleán an Bharraigh Maigh Eo 13,054
3 Ballina Maigh Eo 10,556
4 Tuaim Gaillimh 9,647
5 Cathair na Mart Maigh Eo 6,872
6 Béal Átha na Slua Gaillimh 6,597
7 Ros Comáin Ros Comáin 6,555
8 Baile Locha Riach Gaillimh 6,322
9 Órán Mór Gaillimh 5,819
10 Baile Átha an Rí Gaillimh 4,603
11 Clár Chlainne Mhuiris Maigh Eo 3,857
12 Baile an Róba Maigh Eo 3,148
13 Mainistir na Búille Ros Comáin 2,915

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Revision to the Irish NUTS2 and NUTS3 regions". Príomh-Oifig Staidrimh. Dáta rochtana: 23ú Aibreán 2023.
  2. 2.0 2.1 An tAcht um Rialtas Áitiúil, 1991 (Údaráis Réigiúnacha) {Bunú} Ordú 1993, Sínithe ar an 20ú Nollaig 1993. Ionstraim Reachtúil Rialtas na hÉireann. Faighte ó Leabhar Reachtanna na hÉireann ar an 25ú Feabhra 2022
  3. Local Government Act 1991 (Regional Authorities) (Amendment) Order 2014 (I.R. Ui. 228/2014[nasc briste go buan]). Sínithe ar an 29ú Meitheamh 2014. Ionstraim Reachtúil Rialtas na hÉireann. Faighte ón Leabhar Reachtanna na hÉireann ar an 24ú Márta 2019.
  4. Local Government Act 1991 (Regional Assemblies) (Establishment) Order 2014 (I.R Ui. 573/2014[nasc briste go buan]). Sínithe ar an 16ú Nollaig 2014. Sínithe ar an 29ú Meitheamh 2014. Ionstraim Reachtúil Rialtas na hÉireann. Faighte ó Leabhar Reachtanna na hÉireann ar an 24ú Márta 2019.
  5. 5.0 5.1 "FP005 Components of Population Change 2016 to 2022" (23ú Meitheamh 2022). Dáta rochtana: 12ú Márta 2023.
  6. "Eurostat - Data Explorer". Dáta rochtana: 2014-10-06.
  7. "Galway/Dublin motorway in operation". RTÉ News (18ú Nollaig 2009). Dáta rochtana: 17ú Meán Fómhair 2010.