Jump to content

Réigiún an Deiscirt

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilRéigiún an Deiscirt

Suíomh
Stát ceannasachÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód NUTSIE05 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinsouthernassembly.ie Cuir in eagar ar Wikidata

Bunaíodh Réigiún an Deiscirt i bPoblacht na hÉireann ar an 1d Eanáir 2015.[1] Is réigiún NUTS leibhéil II i nÉrinn é (le cód IE05).[2][3]

Tá trí roinn ag an gcóras NUTS den Aontas Eorpach.[3][4][5]

Tá Éire iomlán ag leibhéal I, le cód IE0.[6]

Tá Réigiún an Deiscirt (RD) ag NUTS leibhéal II na hÉireann|leibhéal II le cód IEO5. D'fhéadfadh réigiúin NUTS 2 a bheith curtha in aicmí níos lú forbartha, aistriúníos mó forbartha chun cáilitheacht a shocrú le haghaidh maoinithe faoi Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus Ciste Sóisialta na hEorpa Plus.[7] Agus IFD ard aige, cuireadh an réigiún san aicme níos mó forbartha.[8][9]

Tá ann sa réigiún 3 fho-réigiún NUTS leibhéal III, .i. Mid-West (IEO51), Oirdheiscirt (IEO52) agus Lár na Tíre (IEO53). Tá 10 gcontae ann ag leibhéal d'aonad riaracháin áitiúil (ARA).

Tíreolaíocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá daonra níos mó ná 1.8 milliún i Réigiún an Deiscirt, 'sé sin, sa dara háit i measc na dtrí réigiún dá leithéid i nÉirinn.[10]

Tá achar 29,829 km2 (11,517 sq mi) ag an Réigiún.[11] Tá imeallbhord fada aige ar an Aigéan Atlantach.[12][13] Ó thaobh topagrafaíochta de, tá ann tír-raon sléibhtiúil sa lár agus ina measc gleannta ísleáin. Fad an chósta tá sliabhraonta gaineamhchloiche.[14]

Is é Tionól Réigiúnach an Deiscirt (TRD) ar cheann de thrí thionól bunaithe sa bhliain 2015 faoin Acht um Athchóiriú Rialtais Áitiúil, 2014. Tháinig na tionóil i réim in ionad 8 nÚdarás Réigiúnacha a bhí ann rompu.[15]

Ainmnítear baill na dTionól as baill tofa na nÚdarás áitiúil sna réigiúin.[16]. Tá 33 ball ag an Tionól, 27 dóibh ainmnithe ag na húdaráis áitiúla, agus seisear Committee of the Regions representatives.[17]

CSP Cód
NUTS 3
ARA

(contae[t 1])

Baill TRD Daonra
(2022[18])
Mid-West IE051 an Clár 2 127,938
Luimneach 3 209,536
Tiobraid Árann 3 167,895
Oirdheisceart IE052 Ceatharlach 2 61,968
Cill Chainnigh 2 104,160
Port Láirge 2 127,363
Loch Garman 3 163,919
Iardheisceart IE053 Cathair Chorcaí 2 224,004
Corcaigh 5 360,152
Ciarraí 2 156,458
Iomlán 26 1,703,393
  1. mura deirtear a mhalairt

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Local Government Act 1991 (Regional Assemblies) (Establishment) Order 2014 (I.R Ui. 573/2014[nasc briste go buan]). Sínithe ar an 16ú Nollaig 2014. Sínithe ar an 29ú Meitheamh 2014. Ionstraim Reachtúil Rialtas na hÉireann. Faighte ó Leabhar Reachtanna na hÉireann ar an 24ú Márta 2019.
  2. "Revision to the Irish NUTS2 and NUTS3 regions". Príomh-Oifig Staidrimh. Dáta rochtana: 23ú Aibreán 2023.
  3. 3.0 3.1 "Commission Regulation (EU) 2016/2066 amending the annexes ... [of ... NUTS]". EUR-Lex. Dáta rochtana: 15ú Lúnasa 2025.
  4. "NUTS classification". Eurostat. Dáta rochtana: 1d Meitheamh 2024.
  5. "Regions in the European Union: Nomenclature of territorial units for statistics". European Commission. Dáta rochtana: 25ú Samhain 2012.
  6. "NUTS regions". Eurostat. Dáta rochtana: 1d Meitheamh 2024.
  7. "Commission Implementing Decision (EU) 2021/1130 ... regions eligible for funding from the European Regional Development Fund and the European Social Fund Plus ...". EUR-Lex. Dáta rochtana: 15ú Lúnasa 2025.
  8. "EU regions by GDP". Eurostat. Dáta rochtana: 18ú Meán Fómhair 2023.
  9. "Sub-national HDI - Area Database". Global Data Lab. Dáta rochtana: 1d Meitheamh 2018.
  10. "Population on 1 January by NUTS 2 region". Eurostat. Dáta rochtana: 1d Maitheamh 2024.
  11. "Area by NUTS 3 regions - km2". Eurostat. Dáta rochtana: 1d Meitheamh 2024.
  12. "Ireland". CIA World factbook. Dáta rochtana: 1d Meitheamh 2024.
  13. "NUTS Maps: Ireland". Eurostat. Dáta rochtana: 1d Meitheamh 2024.
  14. "Topography of Ireland". NASA. Dáta rochtana: 1d Meitheamh 2024.
  15. An tAcht um Athchóiriú Rialtais Áitiúil, 2014: Tionóil Réigiúnacha (Ui. 1, 2014). Achtaithe ar an 27ú Eanáir 2014. Acht an Oireachtais. Faighte ó Leabhar Reachtanna na hÉireann ar an 19ú Eanáir 2022.
  16. "Members List". Eastern & Midlands Regional Assembly. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-01-29. Dáta rochtana: 29ú Eanáir 2022.
  17. "The Assembly". Southern Regional Assembly. Dáta rochtana: 19ú Eanáir 2022.
  18. "Census 2022 - F1004A - Population". Príomh-Oifig Staidrimh (Lúnasa 2023). Dáta rochtana: 16ú Meán Fómhair 2023.