Jump to content

Réigiún Lár na Tíre

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Gan a bheith measctha le Lár na Tíre (Éire)
Bosca Geografaíocht PholaitiúilRéigiún Lár na Tíre

Suíomh
Map
 53° 25′ 25″ N, 7° 56′ 33″ O / 53.4236°N,7.9425°W / 53.4236; -7.9425
Stát ceannasachÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód NUTSIE063 Cuir in eagar ar Wikidata
Réigiún NUTS Lár na Tíre i nÉirinn le béim ar gach comhairle contae

Is réigiún NUTS (Fraincis: Nomenclature des Unités Territoriales Statistiques) ag leibhéal III é Réigiún Lár na Tíre le cód IE063.[1] Tá ann sa cheantar contaetha Laoise, Uíbh Fhailí, na hIarmhí agus an Longfoirt. Tá achar 6,652 km2 aige, 9.5% a achar iomlán an stáit. De réir an daonáirimh 2022, bhí daonra 317,999 ina chónaí ann.[2]

Is ceantar straitéiseach pleanála anois é laistigh de Réigiún an Oirthir agus Lár Tíre.[3] Tá na réigiúin NUTS an chun staidreamh a thuairisciú do Eurostat, siúd is go bhfuil na tionóil freagrach as pleanáil ag leibhéal rialtais áitiúil.

Bíonn tarraingt mhór air mar áit tuarascálacha é an réigiún as ucht a timpeallachta nádúrtha, san áireamh lochanna, uiscebhealaí agus canálacha, chomh maith le stair oidhreacht agus cultúr a théann siar i bhfad go dtí ré réamh-Chríostaí.[4]

Roimh an mbliain 2014, bhí an ceantar rialaithe ag Údarás Réigiúnach Lár na Tíre. Bhíodh ann 24 teachta, ainmnithe as ceithre Údarás mar a leanas:[4]

Bhí ann san áireamh fosta an t-ionadaí ar Choiste Eorpach na Réigiún.[5] Bhuaileadh iad siúd uair sa mhí.

Cuireadh deireadh leis an údarás sa bhliain 2014 agus tháinig na tionól réigiúnach ina ionad.[6]

Déimeagrafaíocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir an daonáirimh 2022, bhí daonra 317,999 sa réigiún, 'sé sin 6.17% den daonra náisiúnta, agus dlús daonra 47.8 duine an km2.[2]

Tá coimheas cleithiúnais an réigiúin ag ardú agus deirtear go mbeadh impleachtaí sláinte, tithíochta agus cúram daoine aosta ann dá bharr.[4]

Is iad an tionscal móna chomh maith le próiseáil adhmaid na tionscail is suntasacha i Réigiún Lár na Tíre. Tá fosta san áireamh tionscail leighis, cúram sláinte, innealtóireachta agus ceimiceáin,i dteannta le táirgeoirí bia agus dí.[4]

De réir sonraí Eurostat don bhliain 2012, bhí sa réigiún olltáirgeacht intíre (OTI) de €5.765 bn agus OTI per capita de €20,100, an méid is lú sa Phoblacht. [7]

Sa bhliain 2015, bhí 114,000 duine sa líon lucht oibre, ab ionann is ráta fostaíochta de 87.6%.[8]. Sa bhliain 2017, is iad a leanas na earnála fostaíochta is mó sa réigiún: [9]

  1. Mórdhíol & miondíol 16%
  2. Déantúsaíocht 12%
  3. Sláinte is obair shóisialta 11%
  4. Oideachas 9%
  5. Riarachán poiblí is cosaint 8%
  6. Feirmeoireacht 8%

Mór-lonnaíochtaí

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Seo a leanas liosta desna deich lonnaíocht is mó le fáil i Réigiún Lár na Tíre. Dírítear aird ar phríomhbhailte contae le cló trom.

Bailte
Ord Baile Contae Daonra
(2022[2])
1 Port Laoise Laois 23,494
2 Baile Átha Luain an Iarmhí 22,869
3 An Muileann gCearr an Iarmhí 22,667
4 Tulach Mhór Uíbh Fhailí 15,598
5 An Longfort Longfort 10,952
6 Cúil an tSúdaire Laois/Uíbh Fhailí 9,288
7 Éadan Doire Uíbh Fhailí 7,888
8 Móinteach Mílic Laois 4,905
9 Biorra Uíbh Fhailí 4,726
10 Clóirtheach Uíbh Fhailí 3,403
  1. "Revision to the Irish NUTS2 and NUTS3 regions". cso.ie. Príomhoifig Staidrimh.
  2. 2.0 2.1 2.2 "FP005 Components of Population Change 2016 to 2022" (23ú Meitheamh 2022). Dáta rochtana: 12ú Márta 2023.
  3. An tAcht um Athchóiriú Rialtais Áitiúil, 2014: Tionóil Réigiúnacha (Ui. 1, 2014). Achtaithe ar an 27ú Eanáir 2014. Acht an Oireachtais. Faighte ó Leabhar Reachtanna na hÉireann ar an 19ú Eanáir 2022.
  4. 4.0 4.1 4.2 4.3 "Regions of Ireland: The Midlands". Irish Regions Office (archive). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-01-10. Dáta rochtana: 2025-08-21.
  5. An tAcht um Rialtas Áitiúil, 1991 (Údaráis Réigiúnacha) {Bunú} Ordú 1993, Sínithe ar an 20ú Nollaig 1993. Ionstraim Reachtúil Rialtas na hÉireann. Faighte ó Leabhar Reachtanna na hÉireann ar an 25ú Feabhra 2022
  6. Local Government Act 1991 (Regional Authorities) (Amendment) Order 2014 (I.R. Ui. 228/2014[nasc briste go buan]). Sínithe ar an 29ú Meitheamh 2014. Ionstraim Reachtúil Rialtas na hÉireann. Faighte ón Leabhar Reachtanna na hÉireann ar an 24ú Márta 2019.
  7. "Eurostat - Data Explorer". Dáta rochtana: 2014-10-06.
  8. "Archived copy". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-10-28. Dáta rochtana: 2017-05-30.
  9. "Ibec - Server error". www.ibec.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-01-16. Dáta rochtana: 2020-10-23.