Jump to content

Réigiún Bitíreolaíoch na Mara Duibhe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachRéigiún Bitíreolaíoch na Mara Duibhe
Suíomh
Limistéar riaracháinan Tuirc Cuir in eagar ar Wikidata
Rize, tuaisceart na Tuirce
Réigiúin bhitíreolaíocha na hEorpa, sainithe ag an nGníomhaireacht Chomhshaoil Eorpach

Tá an Réigiún Bitíreolaíoch na Mara Duibhe suite ar imill Thiar agus dheas na mara úd. Cuirfeadh an réigiún i bhfeidhm ag an gCoimisiún Eorpach agus Comhairle na hEorpa chun iarrachtaí caomhantas a chomheagrú agus a thuairisciú.

Is stráice cois farraige é Réigiún Bitíreolaíoch na Mara Duibhe. Níl sé ach 20-60 km ar leithead fad costaí na Rómáine agus na Bulgáire, ach níos leithne fad costaí na Tuirce agus na Seoirsia.

Is iad sainghnéithe an chósta ná dumhcha fada ísle agus tránna gainimh. Faightear freisin áfach cuana carraigeacha agus aillte mara.[1]

Sruthaíonn dhá abhainn suntasacha tríd an réigiún, Kizilirmak agus Sakarya.

Tá tionchar maolaithe ag an bhfarraige ar an aeráid sea. Is annamh a fheictear teochta níos lú ná 0°C i rith an gheimhridh.[2]: 3 

Saibhir ó thaobh fhios de is ea áilte an Kaliakra i n-oirthuaisceart na Bulgáire, legged n-áirítear go léir speiceas dála na réigiúin Steipe agus Meánmhuirí in aice láimhe.

Trí iarthar na réigiún téann an Via Pontica, an dara bealach imirce éan is mó le fáil san Eoraip.[1] Baineann na héin ar imirce leas as na lochanna, riasca agus murlaigh fad líne an chladaigh, agus caitheann roinnt dóibh ann geimhreadh sna bogaigh úd.

I measc bogaigh an réigiúin, is í Deilt na Danóibe an ceann is mó le ráo.[2]: 3 

Tá easpa ocsaigin sa Mhuir Dhubh féin agus cothaíonn sí sách beag beatha mhara sna réigiúin is doimhne.

Sa Bhulgáir agus sa Rómáin, tá ag réigiún faoi bhagairtí talamhaíochta, tionscadail, cathraithe agus turasóireachta.[2]: 3  Bhí iascach breá an go dtí na 1960í, nuair a thit stocanna iasc as éadan de bharr ró-iascaireacht, truaillithe agus speiceas ionrach.[2]: 4 

Glacadh an chéad liosta de shuíomhanna Natura 2000 don chuid den réigiún atá san AE i mí na Nollaig 2008. Bhí ann san áireamh 27 Limistéar Cosanta Speisialta faoin Treoir maidir le hÉin agus 40 Limistéar Caomhantais Speisialta faoin Treoir maidir le Gnáthóga. Bhí roinnt limistéar sa dá chatagóir agus dá bharr bhí an t-iomlán níos lú ná 67. Clúdaítear tuairim is leath den achar talún sna limistéir.[2]: 6 . As 12ú December 2017 amach, bhí 45 limistéar faoi chaomhnú ann.[3]

  1. 1.0 1.1 "Black Sea Biogeographical Region". an Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht an Chomhshaoil. Dáta rochtana: 2019-08-29.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 Sundseth, Kerstin. "Natura 2000 in the Black Sea Region". an Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht an Chomhshaoil. doi:10.2779/7908. Dáta rochtana: 2019-08-29.
  3. "Fifth update of the list of sites of Community importance for the Black Sea biogeographical region". Aontas Eorpach (12ú Nollaig 2017). Dáta rochtana: 2019-08-30.