Réigiún Bitíreolaíoch Steipe
| Suíomh | ||||
|---|---|---|---|---|
| Aitheantóir tuairisciúil | ||||


Ceantar mór fairsing in oirdheisceart na hEorpa is ea an Réigiún Bitíreolaíoch Steipeach. Cuireadh an réigiún i bhfeidhm ag an gCoimisiún Eorpach agus Comhairle na hEorpa chun iarrachtaí caomhantas a chomheagrú agus a thuairisciú.
Fairsinge
[cuir in eagar | athraigh foinse]Síneann an réigiún siar-soir ón Rómáin, tríd an Moldóiv, an nÚcráin, an Rúis, iarthair na Casacstáine agus, as sin amach, níos faide siar san Áise isteach. Machairí ísle, cnoic droimneacha agus ardchláir is ea sainghnéithe na háite. Tá airde an réigiúin idir 200-300 m ar an meán.
Timpeallacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is an-shaibhir iad na hithreacha húmais. Is féara é an fásra dúchasach den chuid is mó, féara amhail is Elymus repens (broimfhéar), Stipa (féar cleiteach) agus Festuca (feisciú). I measc na bhféar, faightear anseo is ansiúd plandaí luibheacha amhail is Pótaintille (cúig mhéar), Verbascum (coinnle) agus Artemisia (mormónta).
Tá an chuid is mó den réigiún tiontaithe ina thalamh curaíochta, agus fágtha anois ann ach beagán den chéadfhásra.[1]
Caomhantas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is í an Rómáin an t-aon tír amháin de chuid an AE atá sa Réigiún Steipeach. This is a small dianfheirmeoireacht area.
Glacadh liosta Natura 2000 don réigiún i mí na Nollag 2008, le 34 Limistéar Caomhantais Speisialta faoin Treoir maidir le Gnáthóga agus 40 Limistéar Cosanta Speisialta faoin Treoir maidir le hÉin. Tá roinnt limistéar sa dá chatagóir. Sa Rómáin, tá tuairim is 20% den réigiún faoi chosaint.[2]: 4
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Steppic Biogeographical Region". European Commission. Dáta rochtana: 2019-08-30.
- ↑ Sundseth, Kerstin. "Natura 2000 in the Steppic Region". an Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht an Chomhshaoil. doi:10.2779/7833. Dáta rochtana: 2019-08-30.
| Is síol tíreolaíochta é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |