Jump to content

Réigiún Bitíreolaíoch Atlantach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachRéigiún Bitíreolaíoch Atlantach
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata

Tá an Réigiún Bitíreolaíoch Atlantach suite ar iardheisceart na hEorapa, teoranta ag an Aigéan Atlantach agus ag an Muir Thuaidh. Cuireadh an réigiún i bhfeidhm ag an gCoimisiún Eorpach agus Comhairle na hEorpa chun iarrachtaí caomhantas a chomheagrú agus a thuairisciú.

Tá an réigiún Atlantach teoranta ag an Muir Thuaidh agus ag an Aigéan Atlantach Thoir Thuaidh, agus lena n-áirítear ann ná tíortha a leanas: an Ríocht Aontaithe, Éire agus an Ísiltír; codanna den Ghearmáin, den Danmhairg, den Bheilg agus den Fhrainc; agus bhruacha tuaisceartacha na Spáinne agus na Portaingéile.[1]

aeráid aigéanach ag an réigiún, le gaoithe aniar, báisteach mheánach agus samhraí is geimhrí séimhe.[1]

Tá an-chuid gnáthóg le fáil ar fad an imeallbhoird fhada. I gceantair éigin, tá aillte, cinn tíre carraigeacha agus inbhir chaoil, agus i gceantair eile tá cuanta foscúla, réileáin láibe idirthaoideacha agus tránna ghainimh.

Bhí an chuid is mó den talamh faoi oighear go dtí 10,000 bliain ó shin, agus tá éagsúlacht speicis níos lú ná ar fud na réigiún eile. Mar sin féin, tá fiadhúlra le fáil go flúirseach, ina measc ealta móra imirce éan agus beatha mara cothaithe ag bia atá iompaithe ar Shruth na Murascaille ón Mhuir Chairib.[2]: 3 

Tá tionchar as cuimse ag daoine daonna ar an talamh, le glanadh foraoise chun talamhaíochta agus ceantair mhóra uirbeacha. Is fadhb é truailliú ar talamh agus san fharraige araon, agus is bagairt í ró-iascaireachta.[2]: 3 

  1. 1.0 1.1 "Atlantic Biogeographical Region". an Coimisiún Eorpach. Dáta rochtana: 2019-08 nó-29.
  2. 2.0 2.1 Sundseth, Kerstin. "Natura 2000 in the Atlantic Region". European Commission Environment Directorate General. doi:10.2779/82343. Dáta rochtana: 2019-08-29.