Réigiúin bhitíreolaíocha na hEorpa

Déanann an Ghníomhaireacht Chomhshaoil Eorpach sainmhíniú ar na réigiúin bhitíreolaíocha na hEorpa. I dtosach, ní raibh ann ach ballstáit den Aontas Eorpach, ach níos déanaí, cuireadh leo chun an Eoraip uile taobh thiar den Úrail a chlúdach, an Tuirc iomlán san áireamh. De bhun tola, is córas simplí é a dhéanann neamhaird ar aimhrialtachtaí áitiúla. Cuireadh i bhfeidhm é chun iarrachtaí caomhantas a chomheagrú agus a thuairisciú.
Coinbhinsiún Bheirn agus Treoir maidir le Gnáthóga
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Is cuid thábhachtach í an Treoir maidir le Gnáthóga de bheartas caomhantais an AE. Cuireann sí i bhfeidhm Coinbhinsiún Bheirn 1982 le Comhairle na hEorpa. Chuir sí ar bun Natura 2000, an líonra de limistéir chosanta ar fud an AE.[1] Níl raon geografach na Treorach chomh leathan is atá Coinbhinsiún Bheirn, ach tá cur i bhfeidhm níos láidre aici.[2]
Leagtar amach in Iarscríbhinn III sa Treoir maidir le Gnáthóga modh 2-chéim chun caomhantas a chur in ord tosaíochta,[3] céim 1 déanta ag na ballstáit féin agus céim 2 idir na ballstáit uile. Déantar measúnú ar láithreán a bhfuil tábhacht chomhphobail leo leis na critéir a leanas;
- tábhachtach náisiúnta
- méad
- bithéagsúlacht
- an láithreán trasteorann é
- tábhachtach domhanda
Réigiúin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is iad a leanas na réigiúin bhitíreolaíocha agus na príomhbhaoil dá mbithéagsúlacht as 2003:[4]: 4 [5]: 231
| Réigiún | Tíortha | |
|---|---|---|
| Artach | an Íoslainn, an Iorua, an Rúis | |
| Atlantach | an Bheilg, an Ghearmáin, an Danmhairg, an Spáinn, an Fhrainc, Éire, an Iorua, an Phortaingéil, an Ísiltír, an Ríocht Aontaithe | |
| Bóireach | an Bhealarúis, an Eastóin, an Fhionlainn, an Laitvia, an Liotuáin, an Iorua, an Rúis, an tSualainn | |
| Ilchríochach | an Ostair, an Bhealarúis, an Bheilg, an Bhoisnia-Heirseagaivéin, an Bhulgáir, an Chróit, an tSeicia, an Ghearmáin, an Danmhairg, an Fhrainc, an Iodáil, an Liotuáin, Lucsamburg, an Mhacadóin Thuaidh, an Pholainn, an Rómáin, an Rúis, San Mairíne, an tSeirbia, an tSlóivéin, an tSualainn, an Eilvéis, an Úcráin | |
| Alpach | an Albáin, Andóra, an Airméin, an Ostair, an Bhoisnia-Heirseagaivéin, an Bhulgáir, an Chróit, an Fhionlainn, an Fhrainc, Georgia, an Ghearmáin, an Iodáil, Liechtenstein, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh, an Iorua, an Pholainn, an Rómáin, an Rúis, an tSeirbia, an tSlóivéin, an tSlóvaic, an Spáinn, an tSualainn, an Úcráin (na hAlpa, Na Piréiní, Sléibhte Cairp, Dinaric Alps, na Balcáin, Sléibhte na Rhodope, Sléibhte na Sonde, Sléibhte na hÚraile, Sléibhte Chugais) | |
| Panónach | an Chróit, an tSeicia, an Ungáir, an Rómáin, an tSeirbia, an tSlóvaic, an Úcráin | |
| Steipeach | an Chasacstáin, an Mholdóiv, an Rómáin, an Rúis, an Úcráin | |
| Muir Dhubh | an Bhulgáir, an tSeoirsia, an Rómáin, an Rúis, an Tuirc | |
| Meánmhuirí | an Albáin, an Bhoisnia-Heirseagaivéin, an Chróit, an Chipir, an Fhrainc, an Ghréig, an Iodáil, Málta, Monacó, Montainéagró, an Phortaingéil, an Spáinn, an Tuirc | |
| Macaronesian | an Phortaingéil, an Spáinn (na hAsóir, Maidéara, na hOileáin Chanáracha) | |
| Anatólach | an Tuirc |
| Réigiún | Príomhbhaoil do bhithéagsúlacht | |
|---|---|---|
| Artach | ||
| Atlantach |
| |
| Bóireach |
| |
| Ilchríochach |
| |
| Alpach |
| |
| Panónach |
| |
| Steipeach |
| |
| Muir Dhubh |
| |
| Meánmhuirí |
| |
| Macaronesian |
| |
| Anatólach |
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "The Habitats Directive". European Commission. Dáta rochtana: 2019-08-29.
- ↑ Epstein, Yaffa (2014), "The Habitats Directive and Bern Convention: Synergy and Dysfunction in Public International and EU Law", Georgetown International Environmental Law Review, 26 (2), SSRN 2254785
- ↑ "Annex III Criteria For Selecting Sites Eligible For Identification As Sites Of Community Importance And Designation As Special Areas Of Conservation". Aontas Eorpach. Dáta rochtana: 2019-08-29.
- ↑ Sundseth, Kerstin; Barova, Sylvia (2009), Natura 2000 in the Black Sea Region (PDF), European Commission Environment Directorate General, doi:10.2779/7908, ISBN 978-92-79-11585-1, aisghafa 2019-08-29
- ↑ Europe's environment: the third assessment. Environmental assessment report No 10, Luxembourg: European Environment Agency, 2003, ISBN 92-9167-574-1