Jump to content

Réigiúin NUTS na hIorua

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Réigiúin staidrimh NUTS san Iorua

I gcomhair feidhmeanna staidrimh, agus í ina ball den CSTE, tógtar an Iorua isteach i gcóras Aicmiú Comhchoiteann na nAonad Críche maidir le Staidreamh (NUTS), caighdeán geochód an AE.[1][2]

Is é NO an cód a thugtar don Iorua sa chóras trí-leibhéal NUTS curtha i bhfeidhm ag Eurostat. Bhíodh dhá leibhéal riaracháin eile ann, na haonaid riaracháin áitiúla, ARA 1 (réigiúin eacnamaíochta) agus 2 (bardais na hIorua). As an mbliain 2017 ar aghaidh, áfach, níl ach aon leibhéal áitiúil ann, na bardais úd.[3]

Seo a leanas leibhéil NUTS na hIorua agus líon na bhfo-roinnte:

Leibhéal Fo-roinnte #
NUTS 1 1
NUTS 2 Réigiúin 7
NUTS 3 Contaetha 15

I dteannta leis na leibhéil NUTS, bhíodh dhá ARA (Aonaid Riaracháin Áitiúla) ann, mar a leanas:

Leibhéal Fo-roinnte #
ARA 1 Réigiúin eacnamaíochta n.a.
ARA 2 Bardais n.a.

Ón mbliain 2017 i leith, seo a leanas an t-aon ARA amháin i gcóras NUTS na hIorua:

Leibhéal Fo-roinnte #
ARA Bardais 379[3]

Leibhéil NUTS 1, 2 agus 3

[cuir in eagar | athraigh foinse]
NUTS 1 Cód NUTS 2 Cód NUTS 3 Cód
An IoruaNO0Oslo og AkershusNO01OsloNO01
AkershusNO012
Hedmark og OpplandNO02HedmarkNO021
OpplandNO022
Sør-ØstlandetNO03ØstfoldNO031
BuskerudNO032
VestfoldNO033
TelemarkNO034
Agder og RogalandNO04Aust-AgderNO041
Vest-AgderNO042
RogalandNO043
VestlandetNO05HordalandNO051
Sogn og FjordaneNO052
Møre og RomsdalNO053
TrøndelagNO06Sør-TrøndelagNO061
Nord-TrøndelagNO062
Nord-NorgeNO07NordlandNO071
TromsNO072
FinnmarkNO073