Réigiúin NUTS na hIodáile
I gcomhair feidhmeanna staidrimh, baineann an Iodáil úsáid as Aicmiú Comhchoiteann na nAonad Críche maidir le Staidreamh (NUTS), caighdeán geochód an AE.[1][2] Is ríthábhachtach é an tAicmiú i meicníocht seachadta Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa.
Is é IT an cód a thugtar don Iodáil sa chóras trí-leibhéal NUTS curtha i bhfeidhm ag Eurostat. Bhíodh dhá leibhéal riaracháin eile ann, na haonaid riaracháin áitiúla (ARA) 1 agus 2. B'ionann ARA 1 agus NUTS 3, agus bhíodh ann in ARA 2 ná bardais na hIodáile. As an mbliain 2017 ar aghaidh, áfach, níl ach aon leibhéal áitiúil ann, na bardais úd.[3]
Achoimre
[cuir in eagar | athraigh foinse]Seo a leanas leibhéil NUTS na hIodáile agus líon na bhfo-roinnte:
| Leibhéil | Fo-roinnte | # |
|---|---|---|
| NUTS 1 | Grúpaí de réigiúin (Gruppi di regioni) | 5 |
| NUTS 2 | Réigiúin (Regioni) (Trentino-Alto Adige/Südtirol roinnte ina dhá leath) |
21 |
| NUTS 3 | Cúigí, Catharacha mheitreapholaiteach (Province, Città metropolitane) | 107 |
ARA réamh-2017
[cuir in eagar | athraigh foinse]I dteannta leis na leibhéil NUTS, bhíodh dhá ARA (Aonaid Riaracháin Áitiúla) ann, mar a leanas:
| Leibhéal | Fo-roinnte | # |
|---|---|---|
| ARA 1 | — (mar NUTS 3) | 107 |
| ARA 2 | Bardais (Comuni) | 8094 |
ARA iar-2017
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Leibhéal | Fo-roinnte | # |
|---|---|---|
| ARA | Bardais (Comuni) | 7900[3] |
Leibhéil NUTS 1, 2 agus 3
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "NUTS – Nomenclature of territorial units for statistics". Eurostat. Dáta rochtana: 2025-09-27.
- ↑ "Commission Regulation (EU) 2016/2066 amending the annexes ... [of] ... NUTS". EUR-Lex. Dáta rochtana: 15ú Lúnasa 2025.
- ↑ 3.0 3.1 "Local administrative units (LAU)". Eurostat. Dáta rochtana: 27ú Meán Fómhair 2025.