Jump to content

Réigiúin NUTS na hÍoslainne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

I gcomhair feidhmeanna staidrimh, agus í ina ball den CSTE, tógtar an Íoslainn isteach i gcóras Aicmiú Comhchoiteann na nAonad Críche maidir le Staidreamh (NUTS), caighdeán geochód an AE.[1][2]

Is é IS an cód a thugtar don Íoslainn sa chóras trí-leibhéal NUTS curtha i bhfeidhm ag Eurostat. Bhíodh dhá leibhéal riaracháin eile ann, na haonaid riaracháin áitiúla, ARA 1 (réigiún na hÍoslainne) agus 2 (bardais na hÍoslainne). As an mbliain 2017 ar aghaidh, áfach, níl ach aon leibhéal áitiúil ann, na bardais úd.[3]

Seo a leanas leibhéil NUTS na hÍoslainne agus líon na bhfo-roinnte:

Leibhéal Fo-roinnte #
NUTS 1 1
NUTS 2 1
NUTS 3 Mór-réigiúin 2

I dteannta leis na leibhéil NUTS, bhíodh dhá ARA (Aonaid Riaracháin Áitiúla) ann, mar a leanas:

Leibhéal Fo-roinnte #
ARA 1 Réigiúin 8
ARA 2 Bardais 62

Ón mbliain 2017 i leith, seo a leanas an t-aon ARA amháin i gcóras NUTS na hÍoslainne:

Leibhéal Fo-roinnte #
ARA Bardais n.a.[3]

Leibhéil NUTS 1, 2 agus 3

[cuir in eagar | athraigh foinse]
NUTS 1 Cód NUTS 2 Cód NUTS 3 Cód
An Íoslainn IS0 An Íoslainn IS00 Höfuðborgarsvæðið IS001
Landsbyggð IS002