Jump to content

Réigiúin NUTS na hÉireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

I gcomhair feidhmeanna staidrimh, baineann Éire úsáid as Aicmiú Comhchoiteann na nAonad Críche maidir le Staidreamh (NUTS), caighdeán geochód an AE.[1] Is ríthábhachtach é an tAicmiú i meicníocht seachadta Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa.

Is é IE an cód a thugtar d'Éirinn sa chóras trí-leibhéal NUTS curtha i bhfeidhm ag Eurostat. Tá leibhéal riaracháin eile ann i nÉrinn, an toghlimistéar áitiúil (TLA).

Réigiúin NUTS 3 na hÉireann

Rinneadh an leagan is déanaí de chóras NUTS sa bhliain 2016, a tháinig i réim sa bhliain 2018.[2] Déantar réigiúin NUTS 2 a rangú mar níos lú forbartha, transitional, nó níos mó forbartha.[3]

Leibhéal Fo-ranna
NUTS 1 1
Réigiúin NUTS 2 3
Réigiúin NUTS 3 8
Aonaid riaracháin áitiúla 166

Leibhéil NUTS 1, 2 agus 3

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Seo a leanas gach réigiún NUTS i nÉirinn, in ord cód.

NUTS 1 Cód NUTS 2 Cód Stádas NUTS 3 Cód Aonad rialtas áitiúil
Éire IE0 Réigiún an Tuaiscirt agus an Iarthair IE04 Aistriú Teorann IE041 Cabhán, Dún na nGall, Liatroim, Muineachán, Sligeach
Iarthar IE042 Maigh Eo, Ros Comáin, Gaillimh, Cathair na Gaillimhe
Deisceart IE05 Níos forbartha Lár-Iarthar IE051 an Chlár, Tiobraid Árann, Luimneach
Oirdheisceart IE052 Ceatharlach, Cill Chainnigh, Loch Garman, Contae Phort Láirge
Iardheisceart IE053 Ciarraí, Corcaigh agus Cathair Chorcaí
Oirthear agus Lár Tíre IE06 Níos forbartha Baile Átha Cliath IE061 Cathair Bhaile Átha Cliath, Dún Laoghaire-Ráth an Dúin, Fine Gall agus Contae Átha Cliath Theas
Lár-Oirthear IE062 Cill Dara, an Mhí, Cill Mhantáin,
Lár na Tíre IE063 Laois, an Longfort, Uíbh Fhailí, an Iarmhí

Staidreamh déimeagrafach

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Réigiún Daonra (2022)[4] Achar (km2) Dlús daonra % daonra
Teorainn 417,260 11,516 36 8.14%
Iarthar 483,677 14,289 34 9.44%
Iarrtar Lár 500,524 10,511 48 9.77%
Oirdheisceart 456,228 7,198 63 8.90%
Iardheisceart 736,489 12,312 60 14.37%
Baile Átha Cliath 1,450,701 926 1,567 28.31%
Oirthear Lár 761,858 6,891 111 14.87%
Lár na tíre 316,799 6,651 48 6.18%
Éire 5,123,536 70,294 73 100.00%

Aonaid riaracháin áitiúla

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iad na toghlimistéir áitiúla na haonaid riaracháin áitiúla i nÉirinn.[5] I gcontaetha lasmuigh de Bhaile Átha Cliath, tá siad faoi bhun na cheantair bhardais laistigh d'údaráis áitiúla.

Tionóil Réigiúnacha

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tionól Réigiúnach ag gach réigiún NUTS 2. Tá na réigiúin roinnte ina gceantair pleanála straitéiseacha, a thagann le réigiúin NUTS 3. Roimh an mbliain 2014, bhí Údaráis Réigiúnacha ag na hocht réigiún NUTS 3. Chuir an t-acht 2014 deireadh leo siúd agus chruthaigh ina n-ionad Tionóil Réigiúnacha.[6][7] Ainmnítear teachtaí tionóil ag na húdaráis áitiúla as a gcuid comhairleoirí.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Revision to the Irish NUTS2 and NUTS3 regions". cso.ie. Dáta rochtana: 30ú Meitheamh 2018.
  2. "Commission Regulation (EU) 2016/2066 amending the annexes ... [of] ... NUTS". EUR-Lex. Dáta rochtana: 15ú Lúnasa 2025.
  3. "Commission Implementing Decision (EU) 2021/1130 ... regions eligible for funding from the European Regional Development Fund and the European Social Fund Plus ...". EUR-Lex. Dáta rochtana: 15ú Lúnasa 2025.
  4. "FP005 Components of Population Change 2016 to 2022" (23ú Meitheamh 2022). Dáta rochtana: 12ú Márta 2023.
  5. "Correspondence between the NUTS levels and the national administrative units". Eurostat (11ú Meitheamh 2020). Dáta rochtana: 14ú Eanáir 2022.
  6. Local Government Act 1991 (Regional Authorities) (Amendment) Order 2014 (I.R. Ui. 228/2014 (en) Sínithe ar an 29ú Meitheamh 2014. Ionstraim Reachtúil Rialtas na hÉireann. Faighte ó Leabhar Reachtanna na hÉireann ar an 25ú Meán Fómhair 2025.
  7. Local Government Act 1991 (Regional Assemblies) (Establishment) Order 2014 (I.R Ui. 573/2014 (en) Sínithe ar an 16ú Nollaig 2014. Sínithe ar an 29ú Meitheamh 2014. Ionstraim Reachtúil Rialtas na hÉireann. Faighte ó Leabhar Reachtanna na hÉireann ar an 24ú Márta 2019.