Jump to content

Réigiúin NUTS na Danmhairge

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

I gcomhair feidhmeanna staidrimh, baineann an Danmhairg úsáid as Aicmiú Comhchoiteann na nAonad Críche maidir le Staidreamh (NUTS), caighdeán geochód an AE.[1][2] Is ríthábhachtach é an tAicmiú i meicníocht seachadta Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa.

Is é DK an cód a thugtar don Danmhairg sa chóras trí-leibhéal NUTS curtha i bhfeidhm ag Eurostat. Bhíodh dhá leibhéal riaracháin eile ann, na haonaid riaracháin áitiúla, ARA 1 (bardais) agus ARA 2 (paróistí). As an mbliain 2017 ar aghaidh, áfach, níl ach aon leibhéal áitiúil ann, na bardais úd.[3]

Seo a leanas leibhéil NUTS na Danmhairge agus líon na bhfo-roinnte:

Leibhéal Fo-roinnte #
NUTS 1 1
NUTS 2 Réigiúin (Regioner) 5
NUTS 3 Cúigí (Landsdele) 11

ARA réamh-2017

[cuir in eagar | athraigh foinse]

I dteannta leis na leibhéil NUTS, bhíodh ann dhá ARA (Aonaid Riaracháin Áitiúla) mar a leanas:

Leibhéal Fo-roinnte #
ARA 1 Bardais (Kommuner) 99
ARA 2 Paróistí (Sogne) 2133
Leibhéal Fo-roinnte #
ARA Bardais (Kommuner) 99

Leibhéil NUTS 1, 2 agus 3

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Léarscáil na Danmhairge le réigiún NUTS 3
NUTS 1 Cód NUTS 2 Cód NUTS 3 Cód
Denmark DK0 Hovedstaden DK01 Byen København DK011
Københavns omegn DK012
Nordsjælland DK013
Bornholm DK014
Sjælland DK02 Østsjælland DK021
Vest- og Sydsjælland DK022
Southern Denmark DK03 Fyn DK031
Sydjylland DK032
Midtjylland DK04 Vestjylland DK041
Østjylland DK042
Nordjylland DK05 Nordjylland DK050