Réigiúin NUTS na Cipire
I gcomhair feidhmeanna staidrimh, baineann an Chipir úsáid as Aicmiú Comhchoiteann na nAonad Críche maidir le Staidreamh (NUTS), caighdeán geochód an AE.[1][2] Is ríthábhachtach é an tAicmiú i meicníocht seachadta Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa.
Is é CY an cód a thugtar don Chipir sa chóras trí-leibhéal NUTS curtha i bhfeidhm ag Eurostat. Tá daonra na Cipire chomh bheag sin, áfach, nech bhfuil ach fo-roinn NUTS amháin ann. Bhíodh dhá leibhéal riaracháin eile ann sa Chipir, na haonaid riaracháin áitiúla (ARA), mar a bhí 1 (ceantair) agus 2 (bardais). As an mbliain 2017 ar aghaidh, áfach, tá ann fós na ceantair, ach ó thaobh NUTS de, níl ach aon leibhéal áitiúil ann, na bardais úd.[3][4]
Achoimre
[cuir in eagar | athraigh foinse]Seo a leanas leibhéil NUTS na Cipire:
| Leibhéal | Fo-roinnte | # | Cód |
|---|---|---|---|
| NUTS 1 | — | 1 | CY0 Cyprus |
| NUTS 2 | — | 1 | CY00 Cyprus |
| NUTS 3 | — | 1 | CY000 Cyprus |
ARA réamh-2017
[cuir in eagar | athraigh foinse]I dteannta leis na leibhéil NUTS, bhíodh ann dhá ARA (Aonaid Riaracháin Áitiúla) mar a leanas:
| Leibhéal | Fo-roinnte | # |
|---|---|---|
| ARA 1 | Ceantair (Eparchies) | 6 |
| ARA 2 | Bardais, comhphobail (Dimoi, koinotites) | 615 |
ARA iar-2017
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Leibhéal | Fo-roinnte | # |
|---|---|---|
| ARA | Bardais (Dimoi) | 39 |
| Comhphobail (Koinotites) | 478 |
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "NUTS – Nomenclature of territorial units for statistics". Eurostat. Dáta rochtana: 2025-09-27.
- ↑ "Commission Regulation (EU) 2016/2066 amending the annexes ... [of] ... NUTS". EUR-Lex. Dáta rochtana: 15ú Lúnasa 2025.
- ↑ "Local administrative units (LAU)". Eurostat. Dáta rochtana: 27ú Meán Fómhair 2025.
- ↑ "Cyprus - Fiscal Powers". European Committee of the Regions, Division of Powers. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2025-06-15. Dáta rochtana: 27ú Meán Fómhair 2025.