Réigiúin NUTS na Beilge
I gcomhair feidhmeanna staidrimh, baineann an Bheilg úsáid as Aicmiú Comhchoiteann na nAonad Críche maidir le Staidreamh (NUTS), caighdeán geochód an AE.[1][2] Is ríthábhachtach é an tAicmiú i meicníocht seachadta Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa.
Is é BE an cód a thugtar don Bheilg sa chóras trí-leibhéal NUTS curtha i bhfeidhm ag Eurostat. Bhíodh dhá leibhéal riaracháin eile ann sa Bheilg, na haonaid riaracháin áitiúla (ARA) 1 agus 2. B'ionann ARA 1 agus NUTS 3, agus ba bhardais iad na hARA 2. As an mbliain 2017 ar aghaidh, áfach, níl ach aon leibhéal áitiúil ann, na bardais úd.[3]
Achoimre
[cuir in eagar | athraigh foinse]Seo a leanas leibhéil NUTS na Beilge agus líon na bhfo-roinnte:
| Leibhéal | Fo-roinnte | # |
|---|---|---|
| NUTS 1 | Réigiúin (Gewesten/Régions) | 3 |
| NUTS 2 | Cúigí (Provincies/Provinces) (+ an Bhruiséil) |
11 |
| NUTS 3 | Arrondissements (Arrondissementen/Arrondissements) | 44 |
I dteannta leis na leibhéil NUTS, tá ann dhá ARA (Aonaid Riaracháin Áitiúla) mar a leanas:
| Leibhéal | Fo-roinnte | # |
|---|---|---|
| LAU 1 | — (mar NUTS 3) | 44 |
| LAU 2 | Bardais (Gemeenten/Communes) | 589 |
Leibhéil NUTS 1, 2 agus 3
[cuir in eagar | athraigh foinse]Nóta:
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "NUTS – Nomenclature of territorial units for statistics". Eurostat. Dáta rochtana: 2025-09-27.
- ↑ "Commission Regulation (EU) 2016/2066 amending the annexes ... [of] ... NUTS". EUR-Lex. Dáta rochtana: 15ú Lúnasa 2025.
- ↑ "Local administrative units (LAU)". Eurostat. Dáta rochtana: 27ú Meán Fómhair 2025.