Jump to content

Réigiúin NUTS Mhontainéagró

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

I gcomhair feidhmeanna staidrimh, agus é ina thír is iarrthóir den Aontas Eorpach (AE), tógtar Montainéagró isteach i gcóras Aicmiú Comhchoiteann na nAonad Críche maidir le Staidreamh (NUTS), caighdeán geochód an AE.[1][2]

Is é ME an cód a thugtar do Mhontainéagró sa chóras trí-leibhéal NUTS curtha i bhfeidhm ag Eurostat. Bhíodh dhá leibhéal riaracháin eile ann, na haonaid riaracháin áitiúla, ARA 1 (bardais) agus ARA 2 (lonnaíochtaí). As an mbliain 2017 ar aghaidh, áfach, níl ach aon leibhéal áitiúil ann, na bardais úd.[3]

Is ionann an tír go léir agus gach leibhéal NUTS le cód oiriúnach.

Réigiún NUTS Mhontainéagró
Leibhéal Fo-roinnte #
NUTS 1 1
NUTS 2 1
NUTS 3 1

Ón mbliain 2017 i leith, seo a leanas an t-aon ARA amháin i gcóras NUTS Mhontainéagró:

Leibhéal Fo-roinnte #
ARA Bardais n.a[3]

Leibhéil NUTS 1, 2 agus 3

[cuir in eagar | athraigh foinse]
NUTS 1 Cód NUTS 2 Cód NUTS 3 Cód
Montainéagró ME0 Montainéagró ME00 Montainéagró ME000