Réigiúin NUTS Lucsamburg
I gcomhair feidhmeanna staidrimh, baineann Lucsamburg úsáid as Aicmiú Comhchoiteann na nAonad Críche maidir le Staidreamh (NUTS), caighdeán geochód an AE.[1][2] Is ríthábhachtach é an tAicmiú i meicníocht seachadta Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa.
Is é LU an cód a thugtar do Lucsamburg sa chóras trí-leibhéal NUTS curtha i bhfeidhm ag Eurostat. Bhíodh dhá leibhéal riaracháin eile ann, na haonaid riaracháin áitiúla, ARA 1 (Cantúin Lucsamburg) agus 2 (Comúin Lucsamburg). As an mbliain 2017 ar aghaidh, áfach, níl ach aon leibhéal áitiúil ann, na comúin úd.[3]
Achoimre
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is ionann an tír go léir agus gach leibhéal NUTS le cód oiriúnach.
| Leibhéal | Fo-roinnte | # |
|---|---|---|
| NUTS 1 | — | 1 |
| NUTS 2 | — | 1 |
| NUTS 3 | — | 1 |
Réamh-2017
[cuir in eagar | athraigh foinse]I dteannta leis na leibhéil NUTS, bhíodh dhá ARA (Aonaid Riaracháin Áitiúla) ann, mar a leanas:
| Leibhéal | Fo-roinnte | # |
|---|---|---|
| ARA 1 | Cantúin | 12 |
| ARA 2 | Comúin | 102 |
Iar-2017
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ón mbliain 2017 i leith, seo a leanas an t-aon ARA amháin i gcóras NUTS Lucsamburg:
| Leibhéal | Fo-roinnte | # |
|---|---|---|
| ARA | Comúin | 100[4] |
Leibhéil NUTS 1, 2 agus 3
[cuir in eagar | athraigh foinse]| NUTS 1 | Cód | NUTS 2 | Cód | NUTS 3 | Cód |
|---|---|---|---|---|---|
| Lucsamburg | LU0 | Lucsamburg | LU00 | Lucsamburg | LU000 |
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "NUTS – Nomenclature of territorial units for statistics". Eurostat. Dáta rochtana: 2025-09-27.
- ↑ "Commission Regulation (EU) 2016/2066 amending the annexes ... [of] ... NUTS". EUR-Lex. Dáta rochtana: 15ú Lúnasa 2025.
- ↑ "Local administrative units (LAU)". Eurostat. Dáta rochtana: 27ú Meán Fómhair 2025.
- ↑ "100 municipalities: a century-long evolution of Luxembourg's municipalities". gouvernement.lu. Dáta rochtana: 28ú Meán Fómhair.