Réasúnú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Gníomhaíocht mheabhrach ina dtosaíonn duine le heolas ar leith, ag gluaiseacht trí chéimeanna le fáthanna maithe leo chuig conclúid nua ar leith. Tá réasúnú asbheirte ann, mar a dtarlaíonn i gcruthú teoirime sa mhatamaitic, nuair a éiríonn an chonclúid ó thacar réamhthairiscintí. Mar mhalairt, tá réasúnú ionduchtach ann, nuair a dhéantar iarracht ginearálú nua a chruthú, bunaithe ar an bhfianaise atá ar fáil. Níl na síceolaithe cinnte an ar shaghas éigin loighce inmheánaí meabhraí atá réasúnú bunaithe nó an dtagann próisis níos neamhfhoirmiúla isteach sa scéal (cosúil le híomhánna, cnámhscéalta nó mionsamhlacha meabhracha). Ón staidéar turgnamhach, dealraíonn sé go bhfuilimid go holc chun eolas diúltach a ionramháil nuair a dhéanaimid iarracht réasúnaithe, agus go mbíonn drogall orainn fianaise a chuardach a bhréagnódh ár dtuairimí.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Réasúnú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 555.