Réamhscéalta
Sa Rúraíocht i miotaseolaíocht na nGael, tagann na réamhscéalta (Sean-Ghaeilge remscéla[1]) roimh an seanscéal is tábhachtaí na sraithe, Táin Bó Cuailnge. Feictear iad i dtreo lámhscríbhinn: an Leabhar Laighneach, Leabhar Buí Leacáin agus scríbhinn amháin eile. Sa Leabhar Laighneach, faightear liosta mionsonraithe desna scéalta.
I measc na réamhscéala is tábhachtaí, tá a leanas: Aislinge Oenguso, Compert Con Culainn, Compert Conchobuir, De chophur in dá muccida, Echtrae Nerai, Longes mac nUislenn, Noínden Ulad, Táin Bó Fraích agus Tochmarc Emire.
Faightear ábhair éagsúla ann sna réamhscéalta agus le chéile tugann siad roinnt eolas cúlra faoin mórscéal. Mar shampla, sa scéal De chophur in da muccida, téann dhá mhucaí, cairde mar a bhí, i reachtaibh éagsúla agus iad anois i mbun troda. I ndeireadh na dála, críochnaíonn siad ina péisteanna uisce, agus itheann dhá bha iad. Tugann na ba úd dhá tharbh ar an saol[2], mar atá Donn Cuailnge agus Findbennach, a théann níos déanaí chun comhraic le chéile sa Táin. I scéal eile, Tochmarc Emire, insítear conas a bhuaileann Cú Chulainn lena bhean Emer, agus na héachtaí a éilíonn sí uaidh sula bpósann sí é.
Tuilleadh le léamh
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Norbert Backhaus: The Structure of the List of Remscéla Tána Bó Cualngi in the Book of Leinster. In: Cambridge Medieval Celtic Studies. Band 19, 1990, ISSN 0260-5600, S. 19–26.
- Bernhard Maier: remscéla. In: Bernhard Maier: Lexikon der keltischen Religion und Kultur (= Kröners Taschenausgabe. Band 466). Kröner, Stuttgart 1994, ISBN 3-520-46601-5, S. 275.
- Rudolf Thurneysen: Die irische Helden- und Königsage. Niemeyer, Halle 1921, S. 248–251 (Nachdruck: Olms, Hildesheim/New York 1980).
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ eDIL s.v. remscél
- ↑ "Old Irish Literature The 'Ulster Cycle' 2 Elizabeth Baldwin". Youtube (2018-03-14). Dáta rochtana: 2020-10-28.
![]() | Is síol faoi Oileán na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |