Réamhdhéanamh
Appearance
San ailtireacht, déanamh codanna foirgnimh nó an fhoirgnimh iomláin i monarcha nó áit éigin eile amach ón láithreán tógála. I sampla cáiliúil, is mar seo a thóg an t-ailtire Joseph Paxton an Pálás Criostail i Londain go tapa in 1851. Ach níor glacadh leis mar chleachtadh coitianta go dtí na 1920idí. Baineadh feidhm as go forleathan i ndiaidh an dara cogadh domhanda. Ach sa mheántéarma níor éirigh leis na tithe réamhdhéanta a tógadh sna 1950idi mar go raibh laigí struchtúrtha is sóisialta ag baint leo. Coitianta fós i gcás foirgnimh tionsclaíochta. Le blianta fada anois tugtar tógáil chórasach air.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Réamhdhéanamh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 554.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |