Jump to content

Réabhlóid Xinhai

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtRéabhlóid Xinhai
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 38° N, 103° E / 38°N,103°E / 38; 103
Lipéad sa teanga dhúchais(zh-cn) 辛亥革命 Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálréabhlóid Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deImpireacht na Síne Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse10 Deireadh Fómhair 1911 - 12 Feabhra 1912
Dáta na bliana10 Deireadh Fómhair 1911 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomhríshliocht Qing Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran tSín agus Poblacht na Síne Cuir in eagar ar Wikidata

Chuir Réabhlóid Xinhai[1] (10 Deireadh Fómhair 1911 - 2 Feabhra 1912) deireadh le Ríshliocht Qing agus le breis is 2,000 bliain de mhonarcacht impiriúlach sa tSín. Tháinig na blianta den fhrustrachas, eagrúchán agus idé-eolaíocht le chéile in 1911 in am an ghátair. Athraíodh an tSín go buan le linn 1911-1912, ó impireacht go poblacht, agus bheadh lorg na réabhlóide le brath ar feadh na mblianta.[2]

Tá an Réabhlóid ainmnithe as an mbliain 1911 ar an bhféilire Síneach.

Buaileadh ríshliocht Qing in aghaidh na Seapáine in1894; buaileadh iad arís i gComhghuaillíocht na nOcht Náisiún in 1900 agus ba shoiléir an easpa cosanta sa Chogadh Rúis-Seapánach in 1905

Mar sin ó 1905 ar aghaidh bhí an ríshliocht ag neartú a fhórsaí armtha agus é mar aidhm acu arm nua-aimseartha agus gairmiúil le traenáil i modhanna eolaíochta agus teicneolaíochta an Iarthair. Is í an aidhm a bhí ag an oideachas míleata gairmiúlacht na n-oifigeach a fheabhsú agus litearthacht na saighdiúirí a mhéadú.[3] Den chéad uair, chreid mic na gclann uasaicmeach gur rud measúil a bhí i ngairm san arm.

Ach bhí toradh nach mbeifí ag súil leis ag na hathchóirithe seo. I scoileanna míleata sa tSín agus sa tSeapáin tumadh mic léinn i smaointeoireacht a cheistigh údarás Qing.  Chreid go leor acu go raibh gá go dtitfeadh monarcacht Manchu chun go láidreofaí an tSín.[2]

Theip ar shraith iarrachtaí deireadh a chur leis an Qing, in 1903, 1907 agus 1910.

Faoin mbliain 1911, agus cé gur cruthaíodh é chun an ríshliocht a chosaint, bhí an tArm Nua réidh le héirí amach; cruthaíodh an tArm Nua chun an ríshliocht a chosaint ach a bhí anois lán le smaointe réabhlóideacha. Tharla éirithe amach i gcoinne Qing roimhe seo, an uair dheireanach ag Dumha an Bhlátha Bhuí in Aibreán na bliana 1911, ach theip orthu. Faoi fhómhar na bliana 1911 bhí ríshliocht Qing sa tSín ar an dé deiridh.

Bhí réabhlóid ar na bacáin in Wuchang, atá ar cheann de na trí chathair in Wuhan, áit a raibh grúpaí ar nós an Chumainn Fhorásaigh agus an Chumainn Litríochta i mbun comhcheilge chun ionsaí a dhéanamh ar mhonarcacht Manchu a bhí i gceannas ó na 1640í i leith. Intleachtóirí ab ea na gníomhaithe a bhí dubh dóite leis an díospóireacht agus ar theastaigh uathu éirí amach armtha a chur ar bun.[2]

Bunú na Poblachta

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 9 Deireadh Fómhair 1911 bhí na réabhlóidithe ag tógáil buamaí i Wuchang. Ach tharla tubaiste do na réabhlóidithe nuair a phléasc ceann de na buamaí trí thimpiste. Nuair a rinne oifigigh Qing na hamhrasáin a ghabháil i ndiaidh na pléisce ar an 9 Deireadh Fómhair thuig na saighdiúirí réabhlóideacha go raibh siad i mbaol. Chreid na saighdiúirí go ngabhfaí iad agus go gcuirfí chun báis go leor acu agus b’éigean dóibh gníomhú ar an bpointe boise.

Ar oíche an 10 Deireadh Fómhair chuaigh saighdiúirí an Airm Nua i mbun ceannairce. agus cuireadh tús is Éirí Amach Wuchang ar an 10 Deireadh Fómhair 1911.

De bharr na pléisce a tharla an oíche chinniúnach sin, thit sraith imeachtaí amach a d’athraigh stair na Síne . Thosaigh cúigí na Síne ag fógairt neamhspleáchais ó Qing ceann i ndiaidh a chéile. Bhí éifeacht na ndúradán ag an éirí amach - scaip an ceannairc ar fud na tíre go tapa.

Mar a tharla sé, ní raibh an té is mó a samhlaíodh leis an réabhlóid, Sun Yat-sen (an réabhlóidí a bhunaigh an ghluaiseacht Tongmenghui[4]) , fiú sa tSín ag an am. Le blianta fada, bhí Sun chun cinn i ngluaiseachtaí i gcoinne Qing, bhí lámh aige i mbunú gluaiseachtaí réabhlóideacha, agus in iarrachtaí ar éirithe amach, iarrachtaí ar theip orthu. I mí Dheireadh Fómhair 1911, bhí Sun in Denver, Colorado, agus é i mbun maoiniú a fháil i measc an phobail Shínigh i Stáit Aontaithe Mheiriceá a bhí tar éis fulaingt de bharr an chiníochais sa tír sin le fada.

Agus é ina shuí in Óstán an Pháláis Dhoinn léigh Sun faoi Éirí Amach Wuchang sa nuachtán. Thuig sé go raibh tús curtha leis an éirí amach a raibh sé ag obair ar a shon le fada agus chuaigh sé i mbun a thurais chun filleadh ar an tSín a phleanáil. Ar an mbealach abhaile dó thug sé cuairt ar ardchathracha na hEorpa chun gealltanais a fháil ó na mórchumhachtaí go bhfanfaidís neodrach faoin éirí amach. Agus na gealltanais faighte aige d’fhill sé ar an tSín i dtreo dheireadh mhí na Nollag.

Tháinig Sun ar ais go Guangzhou ar an 25 Nollaig 1911. Seachtain ina dhiaidh sin toghadh é mar uachtarán sealadach ar Phoblacht na Síne.[2]

Deireadh na Monarcachta

[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'éirigh Puyi, an t-impire deireanach Qing, as an gcoróin go hoifigiúil go hoifigiúil i Márta 1912. Chuir sé seo deireadh le:

  • Níos mó ná 250 bliain de riail Manchu
  • 2,000 bliain de mhonarcacht impiriúlach sa tSín

Athraíodh an tSín ó impireacht go poblacht.

Tháinig na blianta den fhrustrachas, eagrúchán agus idé-eolaíocht le chéile in am an ghátair. Athraíodh an tSín go buan, ó impireacht go poblacht. Cé gur cor cinniúnach a bhí sa réabhlóid, níor dheireadh an scéil é.

Sna blianta ina dhiaidh sin bhí deacrachtaí ag an bpoblacht nua le taoisigh chogaidh áitiúla, bagairtí ó thíortha eachtrannacha, agus an scoilteadh polaitiúil. Bhí lorg na réabhlóide le brath ar feadh na mblianta a tháinig ina dhiaidh.[2]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Réabhlóid 1911Réabhlóid Hsinhai. I mBéarla, 1911 Revolution
  2. 1 2 3 4 5 Kerron Ó Luain (2025-10-10). "Éirí Amach Wuchang, an 10 Deireadh Fómhair 1911" (ga-IE). An Páipéar. Dáta rochtana: 2025-10-10.
  3. "mar a mhíníonn Ed McCord ina leabhar, The Power of the Gun,". publishing.cdlib.org. Dáta rochtana: 2025-10-12.
  4. "Tongmenghui" (as en) (2025-09-16). Wikipedia.