Ráig den hantaivíreas ar an MV Hondius 2026
| ||||
| Cineál | eipidéim | |||
|---|---|---|---|---|
| Tréimhse | 1 Aibreán 2026 - | |||
| Suíomh | An tAtlantach Theas | |||
| Árthach | Hondius | |||
| IMO ship number | 9818709 | |||
| Íospartach | Leo Schilperoord Mirjam Schilperoord-Huisman | |||
| Líon básanna | 3 | |||
| Meán cumarsáide | ||||
In 2026 fuair triúr bás de bharr ráig den hantaivíreas ar an long chrúsála, an MV Hondius, a bhí ag seoladh ó Ushuaia san Airgintín trasna an Atlantaigh chomh fada le Rinn Verde san Afraic.[1] Scaipeadh an hantaivíreas ó dhuine go duine i ngar-theagmháil lena chéile ar an long saoire. Bhí an long sáinnithe ar muir amach ó chósta thiar na hAfraice ar feadh trí seachtaine.[2][3]
De ghnáth, baineann an hantaivíreas le creimirí amhail luchóga agus francaigh. Is annamh a tharlaíonn tarchur ó dhuine go duine. Ach is aicíd chontúirteach í a loiteann an córas riospráide. Níl aon chógas ar leith ann le ghabháil i ngleic le hantaivíreas agus cuirtear othair a bhíonn buailte go dona ar mheaisín aerála in aonad dianchúraim.



Imeachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]An chéad lá de mhí an Aibreáin 2026 a sheol an MV Hondius, long chrúsála ghalánta, as Ushuaia, san Airgintín ar a turas go Poblacht Cabo Verde, ag seoladh ó dheas ar thuras dúlra ar chostas idir €14,000 agus €22,000 go Antartaice, na Malvinas agus oileáin eile agus as sin soir trasna an Atlantaigh chomh fada le Rinn Verde san Afraic. Ach scaip ráig den hantavíreas i measc na bpaisinéirí ar an long. Bhí scéal an MV Hondius i mbéal an phobail ó tháinig an fhadhb chun solais ar an long timpeall an 20ú Aibreán.[4]
D'fhógair an bainisteoir Oceanwide Expeditions, an comhlacht as an Ísiltír gur leo an long, go raibh sé ráite acu le paisinéirí fanacht ina gcuid seomraí ar fhaitíos go scaipfeadh an tinneas tuilleadh. Ar dtús bhí Oceanwide ag deimhniú go bhfuil siad ag gabháil i ngleic le "cás tromchúiseach leighis" ar an long.
D'fhan an long ar ancaire amach ó Rinn Verde ar feadh cúpla seachtain. Cé go raibh cóir leighis faighte ag an beirt ar bord ó dhochtúirí de chuid na tíre sin, níl raibh aon chead tugtha iad a chur i dtír.
Bhí suas le 150 paisinéir[5][6] as 23 tír a bhí ar bord na loinge ar dtús, beirt as Éirinn san áireamh. Turasóirí as an mBreatain, as Meiriceá agus as an Spáinn is mó a bhí ar bord an Hondius. Deimhníodh ocht gcás den hantaivíreas ar feadh an turais in iomlán, ar chúis bháis do thriúr, lánúin ón Ísiltír agus bean ón Ghearmáin[7] (bhásaigh paisinéir amháin a cuireadh ar eitleán go dtí an Afraic Theas ar mhaithe le cóir leighis a fháil).[8]
Bhí an EDS den tuairim go raibh an víreas tolgtha ag an gcéad duine sa gcás seo sula raibh siad tagtha ar bord na loinge. Tá tréimhse ghoir roinnt seachtainí in ann a bheith ag an aicíd. Mar sin ní gá go mbeadh comharthaí sóirt fós ar dhaoine fiú agus an víreas tolgtha acu.
Coraintín agus eipidéimeolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig an long i dtír ag Granadilla i Tenerife ar an 10 Bealtaine, ceann de na hOileáin Chanáracha atá faoi dhlínse na Spáinne. Aistríodh na paisinéirí ón long agus cuireadh iad ar bord eitleáin ar ais chuig a dtíortha féin. (Bhí rialtas áitiúil na nOileán Canárach in aghaidh cead a thabhairt don teacht le cé ag an am). Cuireadh an t-eitleán Rialtais anonn leis na paisinéirí Éireannacha a bhailiú. Ansin aistríodh iad chuig ionad coraintín de chuid an FSS.[9]
Coinníodh súil ghéar ar na paisinéirí agus criú, ar coraintín, ar fad go ceann ocht seachtainí, an t-achar a d’fhéadfadh an víreas a bheith á ghor ina gcolainn.
Mar sin féin is eol gur scaip an galar seo corruair i measc daoine a bhí i ngartheagmháil lena chéile i gcás cineál amháin den víreas ar a dtugtar "hantaivíreas na nAindéis", cineál tógálach atá scaipthe i Meiriceá Theas. Tá an cineál sin le fáil san Airgintín, an tír ónar sheol an long chrúsála.[7]
Dúirt an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte nach raibh siad ag súil le heipidéim mar gheall ar an ráig. Mhaígh an EDS gur beag contúirt a bhí ann don phobal i gcoiteann.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Nuacht RTÉ (2026-05-04). "Beirt as Éirinn ar bord long saoire buailte ag víreas" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2026-05-06). "Na hOileáin Chanáracha in éadan long le hantaivíreas teacht le cé" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2026-05-05). "An víreas ar long saoire ag scaipeadh ó dhuine go duine - an WHO" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2026-05-09). "Réiteach á dhéanamh do phaisinéirí an MV Hondius" (as ga-IE).
- ↑ Paisinéir "Jake Rosmarin" faoi strus diamhair. "Is daoine muid, agus daoine a bhaineann linn ag fanacht linn sa mbaile" a dúirt sé ar fhíseán ar an ardán Instagram seolta ón mbád. (4 Beataine 2026). "My MV Hondius Statement" (as en).
- ↑ Paisinéir "Jake" roimh an eachtra, sona sásta. "Atlantic OdysseyVlog🚢🌊🐧🦭🏝️ Day 15 #travel #travelinspiration #travelinspo #bucketlistadventures" (as en).
- 1 2 "An long atá buailte ag ráig den hantaivíreas le teacht le cé in Tenerife" (ga-IE). Tuairisc.ie (2026-05-06). Dáta rochtana: 2026-05-10.
- ↑ Bhí an EDS sa tóir ar dhaoine a bhí ar an eitilt chéanna as oileán Saint Helena go Johannesburg le paisinéir ar an Hondius a d'éag níos déanaí. Bean as an Ísiltír a bhí inti, agus bhí a fear céile básaithe leis an víreas ar an long. D'fhág sise an bád an 24ú Aibreán i Saint Helena agus "comharthaí sóirt gastraistéigeach" uirthi. Chuaigh sí "chun olcais ar bord an eitleáin go Johannesburg" agus cailleadh an 26ú Aibreán í a deir an WHO.
- ↑ Nuacht RTÉ (2026-05-10). "Údaráis sláinte i Tenerife ar tí tús a chur le aistriú paisinéirí" (as ga-IE).
