Quanah Parker

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaQuanah Parker

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breithi. 1845
Críoch Indiach Cuir in eagar ar Wikidata
Bás23 Feabhra 1911
65/66 bliana d'aois
Quanah Parker Star House, Oklahoma (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaFort Sill Post Cemetery (en) Aistrigh (1957–)
Post Oak Cemetery (en) Aistrigh (1911–1957) Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnNative American Church (en) Aistrigh
Gníomhaíocht
Réimse oibreChiefdom (en) Aistrigh, ethnic religion (en) Aistrigh, military art (en) Aistrigh agus Cómáinsí
Suíomh oibre Oklahoma Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmtaoiseach treibhe, rainseoir, spiritual leader (en) Aistrigh, ceannaí Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaComanche (en) Aistrigh agus Béarla
Teaghlach
AthairPeta Nocona  agus Cynthia Ann Parker

IMDB: nm1130420 Find a Grave: 1371 Cuir in eagar ar Wikidata

Taoiseach de chuid na gCómáinsí ab ea Quanah Parker (Cómáinsí: kwana, "boladh") (timpeall 1845 nó 1852 – 20 Feabhra 1911). Tháinig sé ar an saol mar dhuine de na Nokoni (“Fánaithe”), mac an taoisigh Chómáinsí Peta Nocona agus Cynthia Ann Parker. Angla-Mheiricéanach a bhí ina mháthair, a fuadaíodh ina cailín óg agus a shocraigh go hiomlán mar chuid den treibh. Bhí Quanah ina thaoiseach ar an ngrúpa siúd Quahadi ("Antalóp").

Agus cuid mhaith de thaoisigh na treibhe curtha faoi chois, tháinig Quanah go mór chun cinn mar cheannaire nuair a ghlac sé páirt lárnach i gCogadh na hAbhainne Deirge sa bhliain 1874 i gcoinne lonnaitheóirí ón oirthear. Theip orthu an ceann is fearr a fháil ar na Meiriceánaigh, áfach, ach bhí Quanah in ann an treibh a stiúiradh slán sábháilte go dtí an tearmann i bhFort Sill, Oklahoma. Agus mórmah mór de bhuabhaill na machairí móra bánaithe d’aon turas ag na Meiriceánaigh, ghéill Quanah go síochánta. "Taoiseach Deireanach na gCómáinsí" a thugtar go minic air.

Ní raibh sé riamh de nós ag na gCómáinsí duine a roghnú chun taoiseach a dhéanamh de, agus b'é an rialtas Meiricéanach a cheap Quanah ina cheannaire ar náisíun uile na gCómáinsí. Chuaigh sé leis an bhfeirmeoireacht as seo amach, agus níorbh fhada go raibh sé ar duine de na bocanna bó ba mhó sa chontae Cache, Oklahoma. Toghadh ina leas-shirriam é ar an gcathair síud Lowton, Oklahoma sa bhliain 1902. Rinne sé a chuid chomh maith chun cloígh le hEaglais na Meiriceánach Dúchasach. Chuir na dúchasaigh béim ar leith ar thábhacht agus naofacht an pheyote i nósanna spioradáltachta, agus bhí Quanah thar a bheith gníomhach i gcúrsaí consanta agus chur chun cinn.

Tá Quanah curtha ar Mhaolchnoc an Taoisigh i bhFort Sill. Tá a rian fágtha go tréan aige ar a fhód dúchais ("Comancheria" a thugtaí air leis na gcianta) agus is iomaí baile agus bóthar atá ainmnithe in ómós dó, in iardheisceart Oklahoma agus tuaisceart Texas ach go háirithe.

Tuilleadh léitheoireachta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Weston La Barre, The Peyote Cult, New Haven, CT: Yale University Press, 1938
  • Paul H. Carlson and Tom Crum, Myth, Memory and Massacre: The Pease River Capture of Cynthia Ann Parker, Texas Tech University Press, 2011
  • Pekka Hamalainen, Comanche Empire, New Haven, CT: Yale University Press, 2008
  • Jo Ann Powell Exley, Frontier Blood: the Saga of the Parker Family, Texas A & M University, 2001
  • William T. Hagan, United States-Comanche Relations: The Reservation Years, New Haven, CT: Yale University Press, 1976
  • William T. Hagan, Quanah Parker, Comanche Chief, Norman, OK: University of Oklahoma Press, 1993
  • Clyde L. and Grace Jackson, Quanah Parker, last chief of the Comanches; a study in Southwestern Frontier history, New York, Exposition Press, 1963
  • Bill Neeley, The Last Comanche Chief: The Life and Times of Quanah Parker, New York: John Wiley and Sons, 1995
  • Jack K. Selden, Return: The Parker Story, Clacton Press, 2006