Páirtí Parlaiminteach na hÉireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaPáirtí Parlaiminteach na hÉireann
(en) Irish Parliamentary Party
(ga) Páirtí Parlaiminteach na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Ainm gearrIPP Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálpáirtí polaitíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Idé-eolaíocht pholaitíochtaNáisiúnachas in Éirinn Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1882
Bunaitheoir(í)Isaac Butt agus Charles Stewart Parnell Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte1921 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Dath     Cuir in eagar ar Wikidata
Armas na hÉireann - Suaitheantas IPP
Charles Stewart Parnell, bunaitheoir.

Páirtí polaitíochta a bhí gníomhach in Éirinn agus an Ríocht Aontaithe ag deireadh an 19ú haois agus tús an 20ú haois ab ea Páirtí Parlaiminteach na hÉireann (Béarla: Irish Parliamentary Party, an IPP) nó Páirtí an Rialtais Dúchais.

Bhí an Páirtí ag iarraidh Rialtas Dúchais a bhaint amach in Éirinn[1]. Theastaigh parlaimint i mBaile Átha Cliath uathu ach ní raibh aon locht acu ar an mBanríon Victoria a bheith ina banríon ar Éirinn.

De ghnáth chabhraídís féin agus an Páirtí Liobrálach lena chéile i Westminster.

Fuair an Páirtí Parlaiminteach an chuid is mó dá dtacaíocht in Éirinn ó na Caitlicigh.

Sheáin Mhic Réamainn, 1917
Seán Diolún (John Dillon) 1900

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

B'é Charles Stewart Parnell a bhunaigh an páirtí sa bhliain 1882, in áit Léig an Rialtais Dúchais,

Bhí scoilt sa pháirtí nuair a thit Parnell sa bhliain 1891, ach athaontaíodh é ar 30 Eanáir 1900 faoi cheannas Sheáin Mhic Réamainn (John Redmond) agus níos déanaí Seán Diolún.

Tar éis Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916 agus an ghéarchéim choinscríobh i 1918, chaill siad a suíocháin ar fad sa rialtas mar bhog fabhar an phobail go dtí Sinn Féin. Bhí deireadh leis an bpáirtí seo beagnach sa Saorstát mar bhí Rialtas Dúchais as dáta mar choincheap. Lean sé ar aghaidh i dTuaisceart na hÉireann, áfach, mar pháirtí beag faoin ainm Páirtí na Náisiúnaithe.

Ceannairí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Cowman, Des - Fianaise na Staire Iml. 3 : Gnéithe de Stair an 20ú hAois, Ar dTuiscint ar an Domhan Nua-Aoiseach (An Gúm 1991).