Pádraig Ó Rathaille (Paddy Reilly)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaPádraig Ó Rathaille
Beathaisnéis
Breith18 Deireadh Fómhair 1939
84 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí is scríbhneoir, amhránaí, giotáraí Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1966 –
SeánraCeol Ceilteach
UirlisGiotár, ceol gutha agus giotár acústach

Musicbrainz: 01e3a2a5-75ba-4078-8fa4-0daeeb138543 Songkick: 268390 Discogs: 616547 Cuir in eagar ar Wikidata

Duine de na ceoltóirí agus amhránaithe is mó le rá i gceol traidisiúnta na hÉireann é Patrick 'Paddy' Reilly a rugadh i mBaile Átha Cliath ar an 18 Deireadh Fómhair sa bhliain 1939. Tar éis na blianta caite aige mar amhránaí aonair rathúil, le clú agus cáil tuilte aige, tháinig sé isteach mar bhall den bhanna iomráiteach The Dubliners sa bhliain 1996, in áit Ronnie Drew. D'fhan sé ag seinm leis na mBleá Cliathaigh ar feadh naoi mbliana go dtí gur bhog sé go Nua-Eabhrac sa bhliain 2005, agus b'é Patsy Watchorn a ghlac a áit an uair seo.

Aithnítear Paddy Reilly mar bhailéadóir tábhachtach i gceol na hÉireann inniu, agus is eisean a déanann an leagan is cáiliúlí de na hamhráin The Fields of Athenry agus The Town I Loved So Well.

Fear gnó atá ann inniu chomh maith, le cúpla teach tábhairne faoi úinéireacht aige i gCathair Nua-Eabhrac.

Dioscliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • The Life of Paddy Reilly (1973)
  • At Home (1974)
  • The Town I Loved So Well (1975)
  • Green Shamrock Shore (1980)
  • The Fields of Athenry (1982)
  • Live (1985)
  • Greatest Hits Live (1985)
  • Paddy Reilly's Ireland (1986)
  • Come Back Paddy Reilly (1987)
  • Now (1988)
  • Sings the Songs of Ewan MacColl (1990)
  • Gold and Silver Days (1991)
  • Come Back Paddy Reilly (2003)

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]