Pádraig Sáirséal

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaPádraig Sáirséal

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1655
Leamhcán Cuir in eagar ar Wikidata
Bás21 Lúnasa 1693
37/38 bliana d'aois
Huy Cuir in eagar ar Wikidata
Ball Parlaiminte i bParlaimint na hÉireann
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Idé-eolaíocht pholaitíochtaSeacaibíteachas
Gníomhaíocht
Gairmoifigeach míleata, polaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaGlúin an 17ú aois
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
GéillsineRíoghacht Éireann
Céim mhíleataoifigeach coitianta Cuir in eagar ar Wikidata
CoinbhleachtCath Sedgemoor
Eile
Teideal uasalCunta Cuir in eagar ar Wikidata
CéileHonora Burke Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteJames Sarsfield, Dara hIarla Leamhcán Cuir in eagar ar Wikidata
AthairPatrick Sarsfield (en) Aistrigh  agus Anne O'Moore
Dealbh cuimhneacháin Phádraig Sáirséal i bPlás na hArd-Eaglaise, Luimneach

Saighdiúir Éireannach agus ceannaire fhórsaí na hÉireann le linn Léigear Luimnigh ab ea Pádraig Sáirséal, Iarla Leamhcáin (1660- 21 Lúnasa, 1693).

Óige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh an Sáirséalach i Leamhcán, Contae Átha Cliath sa bhliain 1660 de shliocht Normannach a tháinig go hÉirinn ag deireadh an 12ú haois. B’uasal Caitliceach a athair Pádraig, a phós Áine Ní Mhórdha, iníon an taoisigh Ghaelaigh Ruairí Ó Mórdha, a bhí i gceannas ar Éirí Amach 1641 i gcoinne riail na Sasanach in Éirinn.

Sa Fhrainc agus i Sasana[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thug sé seirbhís i gcathlán Sasanach a throid ar son Rí Laoiseach XIV na Fraince le linn réimeas an Rí Séarlas II i Sasana agus d’fhill sé ar Shasana nuair a tháinig an Caitliceach, Rí Séamus II i réim sa bhliain 1685.

Le linn Chogadh Cathartha Shasana, throid sé i gcath Sedgemoor i gcoinne fhórsaí Dhiúc Monmouth ar 6 Iúil 1685. Rinneadh coirnéal de an bhliain dár gcionn agus d’fhill sé ar Éirinn i dteannta Risteard Talbóid, Iarla Thír Chonaill, chun ceannaireacht Chaitliceach a chur ar arm na hÉireann.

Cogadh an Dá Rí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Caitheadh an Rí Séamus as cumhacht sa bhliain 1688 agus ainmníodh a chliamhain Phrotastúnach, Liam III Oráiste na hOllainne mar chomharba air. Theith sé go dtí an Fhrainc agus le cabhair ó Laoiseach XIV, tháinig sé go hÉirinn chun a réimeas a athghabháil. Duine dá cheannairí ab ea an Sáirséalach, a ghabh seilbh ar Chúige Chonnacht do Shéamus II agus rinneadh ginearál de dá bharr.

Ghlac sé páirt i Léigear Dhoire (1689), Cath na Bóinne (1690) agus Cath Eachroma (1690) mar dhuine de na ceannairí Éireannacha, ach chaill fórsaí an Rí Séamus an trí cinn díobh.

Léigear Luimnigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Príomhalt: Léigear Luimnigh

Nuair a chúlaigh arm Shéamuis go Luimneach, bhain An Sáirséalach cáil mhór amach nuair a phléasc sé gunnaí móra na Liamach san aer le cabhair ón ropaire Gealapa Ó hÓgáin i mBaile an Fhaoitigh gar do Phailís na Gréine i gContae Luimnigh (1690). Dá bharr sin, ní raibh na Liamaigh in ann Luimneach a ghabháil roimh theacht an gheimhridh.

Lean an léigear ar aghaidh go dtí fómhar na bliana dár gcionn, ach faoin am sin bhí fórsaí an tSáirséalaigh ina n-aonar agus b’éigean dóibh géilleadh. Tar éis idirghabháil idir an Sáirséalach agus Ginearál Ginkel na Liamach, síníodh Conradh Luimnigh, a thug cearta creidimh do Chaitlicigh na hÉireann.

Deoraíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sheol an Sáirséalach agus formhór a shaighdiúirí sa bhliain 1691 agus chuaigh siad isteach in Arm na Fraince. Tugadh 'Na Géanna Fiáine' orthu. Ar an 22 Nollaig 1691, chroch na Géanna Fiáine a gcuid seolta. agus sheol an long dheireanach as Calafort Chorcaí le Pádraig Sairséil ar bord[1]

Oifigeach, 1767
Régiment de Clare, 1720

Bhain an-chuid díobh (ar nós Pheadair de Lása) mórcháil amach mar cheannairí airm sna blianta dár gcionn.

Ach ní raibh saol fada ag an Sáirséalach. Throid sé go cróga ar son Laoiseach XIV i bhFlóndras ach goineadh go dona é ag Cath Landen agus fuair se bás i Huy na Beilge ar 21 Lúnasa 1693. Adhlacadh i reilig Shéipéal Mháirtín Naofa sa bhaile sin é. Deirtear gurbh iad a fhocail dheireanacha ná “Mo thrua nach ar son na hÉireann é seo.”

Oidhreacht an tSáirséalaigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Régment de de Clare 1690

Bhris na Sasanaigh Conradh Luimnigh beagnach chomh luath agus a thriomaigh an dúch agus baineadh gach ceart sibhialta ó Chaitlicigh na hÉireann go gairid ina dhiaidh sin.

Ach lean cuimhne ar Phádraig Sáirséal ar aghaidh i measc na gnáthmhuintire agus ainmníodh an-chuid bóithre, clubanna, droichead agus a leithéid as ina onóir, go mór mór i dtimpeallacht Chathair Luimnigh.

Ina measc siúd, tá Droichead an tSáirséalaigh, Sráid an tSáirséalaigh, club CLG Sháirséalaigh na Mainistreach agus Dún an tSáirséalaigh i gCathair Luimnigh, Carraig Phádraig Sáirséal i gContae Luimnigh, Baile Sarsfield in Ontario, Ceanada agus club sacair Velez Sarsfield i mBuenos Aires na hAirgintíne. Ainmníodh Club CLG Sháirséalaigh Leamhcáin as chomh maith, ina bhaile dúchais féin.[2]

Is féidir Marcaíocht an tSáirséalaigh a leanúint trí Chontaetha an Chláir, Thiobraid Árann agus Luimnigh. Deirtear gurbh é seo bealach an tSáirséalaigh thar fhórsaí na Liamach le linn dó gunnaí na Sasanach a phléascadh san aer.

Tá dealbh cuimhneacháin an tSáirséalaigh le feiscint i bPlás na hArd-Eaglaise i Luimneach agus seasann sé ar shuaitheantas Chomhairle Chontae Luimnigh. Is cuid de Rosc Catha an tSairséalaigh “Cuimhnigh ar Luimneach agus ar fheall na Sasanach” é mana Chomhairle Chontae Luimnigh agus Choiste CLG Chontae Luimnigh.

Phós Pádraig Sáirséal an Bhantiarna Nóra de Búrca, iníon Iarla Chlann Riocaird, agus saolaíodh mac amháin agus iníon amháin dóibh. Tháinig Séamus Sáirséal i gcomharbacht ar a athair mar Dhara Iarla Leamhcáin ach d’éag sé gan chlann sa bhliain 1718.

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Stair na hÉireann (2013-12-22). "1691 – Patrick Sarsfield and The Wild Geese sail out of Cork harbour for France." (en-GB). Stair na hÉireann/History of Ireland. Dáta rochtana: 2018-12-23.[nasc briste go buan]
  2. http://www.lucansarsfields.ie/