Prionsabal Huygens-Fresnel

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Díraonadh na toinne plánaí nuair a bhíonn leithead na heitre beagán níos móire ná an tonnfhad.

Difreáil tonn plána nuair is ionann leithead an scoilt agus an tonnfhad]]

Is é atá i bprionsabal Huygens-Fresnel (ainmnithe i ndiaidh an fhisiceora Ollannaigh Christiaan Huygens agus an fhisiceora Fhrancaigh Augustin Jean Fresnel) ná modh anailíse a chuirtear i bhfeidhm ar fhadhbanna a bhaineann le forleathadh tonnta i ndíraonachán i dteorainn chianréimse agus i dteorainn gar-réimse araon agus i bhfrithchaitheamh freisin. Deir sé gur foinse tonnan sféariúil gach pointe ar thonnbhráid, b iad na tonnáin sféarúla é féin é gach pointe ar thonnbhráid, agus go gcuireann na tonnáin thánaisteacha a thagann ó phointí éagsúla isteach ar a chéile.[1] Cruthaíonn suim na dtonnán sféarúil seo an tonnbhráid. Léargas a d'fhoilsigh an fisicí Ollannach Huygens i 1678 is ea Prionsabal Huygens, gur féidir cruth fronta toinne a réamhinsint agus í faoi fhorás.

Feidhmíonn gach pointe ar an bhfronta mar fhoinse tonnta ag forleathadh i ngach treo.

Is é an fronta nua an tadhlaí dromchlach do na tonnáin seo uile.

Is áisiúil an modh oibre seo maidir le gach saghas toinne: tonn uisce, creathanna talún, fuaim, solas is eile.

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cosantóir luath ar theoiric thonnach an tsolais ab ea Christian Huygens, ach chloígh Newton leis an tseanteoiric, an teoiric choirpíneach, go raibh solas déanta as páirteagail nó coirpíní. Bhí Huygens is Newton tar éis polarú solais le criostal cailcíte a bhrath, ach níorbh fhéidir leo an feiniméan a mhíniú.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]