Príomhroinn Shasana
| Sonraí | |||||
|---|---|---|---|---|---|
| Cineál | association football league (en) professional sports league (en) cuideachta phríobháideach faoi theorainn scaireanna | ||||
| Dáta a bunaíodh | 20 Feabhra 1992: (Foundation of the Premier League (en) | ||||
Ócáid shuntasach | |||||
| foundation of the Premier League (en) | |||||
| Gníomhaíocht | |||||
| Spórt | sacar | ||||
| Limistéar oibriúcháin | Sasana agus an Bhreatain Bheag | ||||
Earra a úsáidtear : | |||||
| Rialachas corparáideach | |||||
| Úinéir de | |||||
| Codanna | |||||
| Cuid de | English football league system (en) | ||||
| Suíomh gréasáin | premierleague.com | ||||
Is í Phríomhroinn Shasana nó An Phríomhroinn (Béarla: The Premier League), an léig sacair is airde i Sasana, os cionn Chraobhchomórtas na Léige Peile (Béarla: Football League Championship). Imríonn 20 club sa léig. Ó nuair a thosaigh sí sa bhliain 1992, tá sí buaite ag sé chlub: Manchester United, Blackburn Rovers, Arsenal, Chelsea, Manchester City, Leicester City agus Learpholl.

Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bunaíodh an chomórtas mar an "FA Premier League" ar an 20ú Feabhra 1992, nuair a cheannaigh na clubanna ón Football League First Division na stoic go léir sa chomórtas.
Ar an 12ú Feabhra 2007 athraíodh an t-ainm chuig an "Premier League", agus i samhradh na bliana sin fuarthas réidh chomh maith leis na hainmneacha "Premiership" agus "English Premier League" chun an chomórtas a aontú faoi ainm amháin timpeall an domhain.
Eagraíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa lá atá inniu ann is é an Premiership an tsraith is saibhre agus is tarraingtí ar domhan. Is ar a chluichí is mó a dhéanann daoine freastal, agus is orthu is mó a bhreathnaítear sa 200 tír ina mbíonn siad le fáil ar an teilifís. De bharr an airgid mhóir, is sa Premiership anois atá fáil ar phlúr imreoirí an domhain.[1]
Bhí 464 imreoir sacair cláraithe ann in 2025 – Sasanaigh is ea 29% acu agus is as 63 tír ar leith an chuid eile. Ísiltírigh (32) agus Francaigh (32) is líonmhaire ann, Brasaíligh (26), Spáinnigh (18), Portaingéalaigh (15) agus Gearmánaigh ina ndiaidh siúd aniar.
Seachtar Éireannach a bhí ina measc le linn 2025 – díobh siúd ag Nathan Collins agus ag Caoimhín Kelleher amháin a bhí áiteanna buana ar fhoirne a gclubanna.[2]
Clubanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]San iomlán d'imir 50 club sa léig ó 1992-93 suas go dtí 2021-2022.
Is iad seo na clubanna atá ag imirt sa séasúr 2025-2026 ná:
Buaiteoirí
[cuir in eagar | athraigh foinse]
|
|
|
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Mártan Ó Ciardha (14 Meán Fómhair 2025). "Ariamh le mo chuimhne ní fhaca mé pobal an tsacair sa tír seo chomh díomách faoin bhfoireann náisiúnta" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-11-17.
- ↑ Mártan Ó Ciardha (14 Meán Fómhair 2025). "Ariamh le mo chuimhne ní fhaca mé pobal an tsacair sa tír seo chomh díomách faoin bhfoireann náisiúnta" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-11-17.