Preabléim

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Spriongboc óg ag preabléim.

Is éard is preabléim ann ná an cineál iompar sin a léiríonn ceathairchosaigh, ach go háirithe na gasailí agus iad ag éirí aníos de phreab san aer, agus ag an am céanna ag ardú na ceithre cosa díreach ón talamh. De ghnáth, coinnítear na cosa i riocht sách docht, stua déanta den dhroim, agus an ceann dírithe síos. Tairgeadh go leor míniúchán faoin phreabléim; tá fianaise ann a léiríonn gur chomhartha macánta i dtreo na gcreachadóirí an t-iompar seo, ar a laghad i gcásanna áirithe, d'fhonn a léiríú go mbeadh sé doiligh orthu greim a fháil ar an ainmhí atá ag preabléim.

Tarlú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tarlaíonn preabléim i roinnt speiceas fianna i Meiriceá Thuaidh, lena n-áirítear miúilfhia, biorbheannaigh,[1] agus fia earrdhubh Colómach, nuair a bhíonn creachadóir ag bagairt orthu,[2] agus i roinnt cineálacha speiceas crúbach ón Afraic, lena n-áirítear gasail Mhic Thomáis agus spriongboic.


Tarlaíonn preabléim i mbeostoic intíre mar chaoirigh, ach i mbeostoc is gnách go ndéanann ainmhithe óga é.[3]


Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Roosevelt, Theodore (1905). "Outdoor Pastimes of an American Hunter". C. Scribner's Sons. 
  2. Stankowich, Theodore (2007). "Effects of Risk Assessment, Predator Behavior, and Habitat on Escape Behavior in Columbian Black-Tailed Deer". Behavioral Ecology 18 (2): 358–367. doi:10.1093/beheco/arl086. 
  3. Simmons, Paula (2001). "{{{title}}}". North Adams, MA: Storey Publishing LLC.