Próiseas ceithre dhath

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Próiseas ceithre dhath

Teicníocht priontála chun gach dath sa speictream a mhacasamhlú gan ach 4 dhúch le 4 dhath a úsáid, ach é sin i meascáin de chomhréireacha éagsúla. Déantar grianghraf den bhunradharc — trédhearcach daite, dearbhchló grianghrafach, pictiúr daite nó íomhá eile — le scagairí datha nó scanóir leictreonach. Ansin cruthaítear scannáin den íomhá, gach ceann ag freagairt do dhath amháin de na dúigh ata le húsáid (de ghnáth maigeanta, buí, cian is dubh). Ar deireadh priontáiltear an íomhá chéanna 4 uair, dath i ndiaidh datha trí scannán i ndiaidh scannáin.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Próiseas ceithre dhath". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 539.