Pop-ealaín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Angelina Probst, 'The Sexiest Gallery', Berlin, An Ghearmáin

Gluaiseacht ealaíne a tháinig chun cinn ag deireadh na 1950í sa Bhreatain Mhór agus sna 1950í déanacha sna Stáit Aontaithe, ach a shamhlaítear leis na 1960í ach go háirithe, is ea an phopealaín.[1]

Bhain an ghluaiseacht feidhm as samhla agus teicníochtaí an tomhaltachais. Bhí sé mar aidhm aici earraí de chuid chultúr an phobail a chlaochlú agus saothair ealaíne a dhéanamh díobh. Tagraíonn coincheap na popealaíne, ní go mór mór don ealaín féin, ach don dearcadh a chur í ar bun. Tréithrítear í mar ghluaiseacht a bhí ina fhrithfhreagairt ar an Eispriseanachas Teibí, a bhí faoi réim ag an am agus a d'fhorbair é agus a chur leis a thuilleadh.

Aithnítear tionchar na gluaiseachta Dada agus na n-ealaíontóirí Pablo Picasso, Marcel Duchamp, Kurt Schwitters, and Man Ray uirthi.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Ciara Nic Gabhann (2008). "Saothair osréalaíocha na n-ealaíontóirí Meiriceánacha" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2024-02-22.