Polybius

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Polybius
Gipsmodelle Wiener Historismus Hofburg-Keller 2012 33 Alois Düll, Polybios.jpg
Saol
Eolas breitheMegalopoli (en) Aistrigh, thart ar 200 BC, 212 BC, 211 BC
NáisiúntachtAchaean League (en) Aistrigh
Teanga dhúchaisAn tSean-Ghréigis
BásAn Ghréig, thart ar 120 BC, 132 BC, 130 BC, 129 BC
Cúis bháis (titim de chapall)
Muintir
AthairLycortas
Oideachas
TeangachaAn tSean-Ghréigis
Gairm
Gairmstaraí, saighdiúir agus scríbhneoir
Saothar iomráiteachThe Histories (en) Aistrigh

Ba staraí Gréagach den tréimhse Heilléanach é Polybius (Sean-Ghréigis: Πολύβιος, Polýbios ;c. 208- c. 125 RCh) a bhain clú amach mar gheall ar a shaothar 'Na Startha' (Sean-Ghréigis:Ἱστορίαι, ''Historíai''). a chlúdaigh an tréimhse 264–146 RCh go mion. Cuireann an obair síos ar dul chun cinn na Poblachta Rómhánaí go dtí a stádas ceannasachta san Mheánmhuir ársa, agus cuimsíonn sí cuntas finné súl ar Léigear na Cartaige agus Léigear na Corainte, sa bhliain 146 RCh, agus an ionghabháil Rómhánach ar mhórthír na Gréige tar éis an Cogadh Acaech.

Tá Polybius tábhachtach mar gheall ar a anailís a rinne sé an mbunreacht measctha nó ar an scaradh cumhachtaí sa rialtas, a raibh tionchar aici ar De l'esprit des loix (An Ghaeilge: ''Spiorad na nDlíthe'') de chuid Montesquieu, agus ar chumadóirí Bhunreacht na Stát Aontaithe .

Dúchas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Polybius thart ar 208 RCh i Megalopolis,( ''Ollchathair''), An Arcáid, nuair a bhí sí ina ball gníomhach de Chonradh na hAcháia. Bhí a athair, Lycortas, (Sean-Ghréigis: Λυκόρτας,'' Lykórtas'') ina pholaiteoir iomráiteach a raibh talamh aige, agus ina bhall den uasaicme rialaithe a tháinig chun mar strategos (ginearál i gceannas) ar Chonradh na hAcháia. [1] Dá bhrí sin, bhí Polybius in ann breathnú go díreach ar ghnóthaí polaitiúla agus míleata na cathrach 'Megalopolis'. Chuir sé spéis i marcaíocht capall agus fiach, caitheamh aimsire a bhfuair faomhadh dó ina dhiaidh sin óna bhraighdeanaithe Rómhánacha.

Sa bhliain 182 R.Ch., tugadh mór-onóir dó nuair a roghnaíodh é chun próca luaithrigh Philopoemen a iompair, ceann de pholaiteoirí na hAcháia is cáiliúla dá ghlúin. I 69 RCh nó 170 RCh, toghadh Polybius ina Hipparchus (oifigeach marcra), ócáid a chiallaigh go minic go mbeadh sé tofa don Strategia bhliantúil (ceannaire airm). Bhí a luath ghairmréim pholaitiúil dírithe ar neamhspleáchas Megalopolis a chothabháil.   [ <span teideal="This claim needs references to reliable sources. (May 2017)">luaitear gá</span> ]

  1. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". www.perseus.tufts.edu.