Jump to content

Polasaí inimirce de chuid Rialtas Donald Trump

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Agóid in aghaidh ICE, Colombus Ohio. Feabhra 2025

Insealbhaíodh Donald Trump mar Uachtarán na Stát Aontaithe den dara huair ar an 20 Eanáir 2025. In óráid a thug sé i dTeach na Comhdhála ar Chnoc an Chaipeatóil ar an lá sin, d'fhógair Trump go raibh "éigeandáil daoine" ann – ar theorainn na Stát Aontaithe le Meicsiceo – agus dúirt go raibh rún aige "na milliúin agus na milliúin coimhthíoch coiriúil a sheoladh ar ais chuig na háiteanna as ar tháinig siad". Cuireadh cosc ar imircigh ó Mheicsiceo teacht isteach sna Stáit Aontaithe. Bhí "éigeandáil" gairthe ar an teorainn theas ionas gur féidir an t-arm a úsáid i gcoinne ‘ionradh’ inimirceach.[1][2][3]

Bhí sé deacair tuairisc chruinn a fháil ó ICE ar líon iomlán na ndaoine a díbríodh as na Stáit Aontaithe le linn 2025. Ach d’fhógair an Department of Homeland Security i mí Dheireadh Fómhair figiúirí lenar luadh “record-breaking statistics”. Luadh go raibh 527,000 “illegal aliens” tugtha chun bealaigh “under the leadership of President Donald Trump” go dtí sin.[4][5] Measadh go mbeadh 600,000 díbeartha sa bhliain 2025.

Cuireadh 99 Éireannach amach as na Stáit Aontaithe idir Eanáir agus mí Mheán Fómhair 2025 (tá sin inchomórtais le 60 cás díbeartha i rith na bliana 2024, 37 Éireannach sa bhliain 2023, 17 sa bhliain 2022 agus deichniúr sa bhliain 2021). Ag an am céanna, tháinig ardú mór ar líon na saoránach de chuid na hÉireann a d’iarr cúnamh i ndáil lena ndíbirt as na Stáit Aontaithe. Ní raibh a fhios go cruinn cá mhéad Éireannach a bhí sna Stáit Aontaithe in 2025 gan an cháipéisíocht chuí, agus meastacháin idir deich míle agus caoga míle duine. A mórchuid sin, thabharfaí overstayers orthu, daoine a raibh cead isteach acu go dleathach ach a d‘fhan nuair a chuaigh téarma an cheada sin i léig.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Dara téarma Donald Trump
  1. Alex Hijmans (22 Eanáir 2025). "‘Drill baby, drill!’ – ré nua ar dhath na hola geallta ag Donald Trump" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-01-22.
  2. Nuacht RTÉ (2025-01-21). "Pardún tugtha ag Trump don slua a ling an Caipeatól in 2021" (as ga-IE). 
  3. "Trump’s Day 1 Executive Orders: Unconstitutional, Illegal, and Cruel" (en-US). NILC (2025-01-21). Dáta rochtana: 2025-01-22.
  4. "DHS Removes More than Half a Million Illegal Aliens From US | Homeland Security" (en). www.dhs.gov. Dáta rochtana: 2025-12-22.
  5. Baineann an DHS úsáid as "an bhliain fhioscach", mar sh. 1 Samhain 2024-31 D.F. 2025