Polaitíocht na hathrú aeráide

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
COP21 (CMP 11) 30 Samhain 2015 i bPáras

Is éard atá i gceist le polaitíocht na hathrú aeráide ná an próiseas cinnteoireachta agus conas acmhainní a roinnt agus bealach chun forbairt inbhuanaithe a leagan amach.

Brúghrúpaí. Theip ar an mBille "Coinnigh faoi Thalamh lad" in Éirinn sa bhliain 2017

Dífhás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dáiríre, ní dúshlán do na polaiteoirí amháin a thugann an t-athrú aeráide ach dúshlán do chách. Admhaítear an riachtanas ar chaon taobh, ach ní léir fós bun-athrú ar thuiscint an phobail ar an riachtanas atá ag teannadh linn.[1]

Chun an bealach chun forbairt inbhuanaithe a leagan amach i gcaitheamh an 21/22ú haois, ní mór dúinn ar fad a bheith barainneach, tá roghanna crua a mbeidh atá riachtanach.. Ach inniu tá formhór na bpolaiteoirí agus an phobail ar aon tuairim: admhaímid go bhfuil athrú mór riachtanach gan mhoill, ach b’fhearr linn moill a chur ar gach mór-athrú riachtanach.

An próiseas cinnteoireachta agus an comhleas fadtéarmach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Breathnaíonn na polaiteoirí go minic ar chúrsaí aeráide mar ábhar tábhachtach a gcaithfear aghaidh a thabhairt air de réir a chéile agus comhréiteach á dhéanamh i gcónaí idir costas an riachtanais agus an costas polaitiúil. Mar sin, bíonn an pobal agus na polaiteoirí ag cur a leas gearrthéarmach féin os cionn leas fadtéarmach mhuintir an domhain.

Bíonn daoine gafa lena leas féin amháin i gcónaí, agus níl na polaiteoirí sásta seasamh amach agus snámh in aghaidh an easa. Mar sin, níl sa bhfadtéarma polaitiúil, ar a mhéid, ach an tréimhse idir inniu agus an chéad olltoghchán eile.[1]

Bíonn atoghadh mar bhun-aidhm freisin ag na polaiteoirí agus drogall dá réir orthu tacú le polasaí a chuirfeadh olc ar vótálaithe roimh thoghchán. Níl léargas nua sna briathra seo ar ndóigh ar laigí an daonlathais ach níl na deachtóireachtaí ag déanamh níos fearr (an Rúis agus an tSín go háirithe).

ionad sonraí Amazon in Oregon

Polaitíocht na hathrú aeráide in Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Theip ar An Bille um Breoslaí Iontaise a Thoirmeasc (Coinnigh faoi Thalamh lad) sa bhliain 2017.[2]

Níl moratóir curtha in Éirinn fós ar ionaid sonraí nua.[3] Sa bhliain 2021, bhí dhá cheann déag d'ionaid ollmhóra sonraí sa tír a bhfuil níos mó na deich meigeavata leictreachais ag teastáil uathu. Ach in 2022 bhí 'moratóir' curtha ag Eirgid ar ionaid nua sonraí i limistéar Bhaile Átha Cliath le dul i ngleic leis an dúshlán agus lena chinntiú go soláthrófar a gcuid riachtanas leictreachais do gach ceantar sa Stát i dtosach.[4] Ach níor chuir Rialtas na hÉireann moratóir i bhfeidhm; mar sin, in 2023, bhí sé dearbhaithe ag TikTok gur i mBaile Átha Cliath a bhunós siad a ndara hionad sonraí in Éirinn.[5]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Nuacht RTÉ (2023-06-02). "EPA ag rá nach mbainfear amach spriocanna aeráide" (as ga-IE). 
  2. Tithe an Oireachtais (2017-11-16). "An Bille um Breoslaí Iontaise a Thoirmeasc (Coinnigh faoi Thalamh lad), 2017 – Uimh. 136 de 2017 – Tithe an Oireachtais" (ga). www.oireachtas.ie. Dáta rochtana: 2023-06-03.
  3. "Missing climate targets by a ‘long way’: What policy change is needed" (en). RTE Radio. Dáta rochtana: 2023-06-03.
  4. Nuacht RTÉ (2022-05-03). "Méadú 32% ar an méid aibhléise a chaith ionaid sonraí anuraidh" (as ga-IE). 
  5. Nuacht RTÉ / Ciarán Lenoach (2023-03-08). "TikTok ag féachaint le húsáideoirí a chur ar a suaimhneas" (as ga-IE).