Poitéinseal gníomhaithe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Comhartha gairid leictreach a tharchuirtear ar feadh snáithín néarógaigh nó mhatánaigh tar éis spreagtha. Ag ionad an ghníomhphoitéinsil, éiríonn an taobh istigh de scannán an tsnáithín dearfach go neamhbhuan i leith an taoibh amuigh. Tarlaíonn sé seo de bharr athrú neamhbhuan i dtréscaoilteacht an scannáin do na hiain sóidiam is potaisiam, chun go ritheann iain sóidiam isteach is iain photaisiam amach tríd. Bunús na cumarsáide san inchinn agus ar fud na colainne.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Gníomhphoitéinseal". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 325.