Pléasc ar an Chraoslach, 2022

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtPléasc ar an Chraoslach, 2022
Map
 55°07′09″N 7°54′21″W / 55.1192°N 7.9057°W / 55.1192; -7.9057
Cineálpléascadh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana7 Deireadh Fómhair 2022 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhAn Craoslach, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Cúisgas explosion (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna10 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe8 Cuir in eagar ar Wikidata

Ar 7 Deireadh Fómhair 2022, tharla eachtra thubaisteach sa Chraoslach,[1][2] Contae Dhún na nGall, nuair a maraíodh deichniúr i bpléascadh, a loit stáisiún breosla Applegreen agus bloc árasán in aice láimhe. Timpiste a bhí ann.[3] Tá tuairiscí déanta go raibh an pléascadh chomh láidir sin go raibh sé le cloisteáil 5km ón láthair.[4]

Imeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh tús iarnóin Dé hAoine le hoibríocht mhór cuardaigh agus tarrthála, go raibh seirbhísí eigeandála ón dá thaobh den teorainn páirteach ann. Ghlac go leor daoine áitiúla páirt sa gcuardach freisin, as a ndeoin féin. Leanadh den oibríocht thar oíche Dé hAoine agus Dé Sathairn.

Íospartaigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

B'as an Chraoslach agus an ceantar máguaird do na mairbh: cailín in aois bhunscoile, beirt déagóirí, ceathrar fear agus triúr ban. Maraíodh Catherine O'Donnell, a bhí 39 bliain d'aois agus a mac James Monaghan, trí bliana déag; Robert Garwe, 50 bliain d'aois agus a iníon Shauna Flanagan Garwe, cúig bliana d'aois; Leona Harper, 14; Jessica Gallagher, 24; James O'Flaherty, 48; Martin McGill, 49; Martina Martin, 49; agus Hugh Kelly a bhí 59 bliain d'aois.[5]

Tugadh ochtar go dtí Ospidéal na hOllscoile, Leitir Ceanainn i ndiaidh an phléasctha. Aistríodh duine amháin a gortaíodh go dtí Baile Átha Cliath ar héileacaptar de chuid an Gharda Cósta.

Omós[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dúirt an tUachtarán Michael D. Higgins go bhfuil an tragóid seo tar éis dul i bhfeidhm ar chuile dhuine sa phobal áitiúil, agus ar fud na tíre.[4]

Bhí an Taoiseach Micheál Martin, an Tánaiste Leo Varadkar agus Uachtarán Shinn Féin, Mary Lou McDonald i measc na ndaoine a d'fhreastail ar shearmanas i gcuimhne na marbh Dé Sathairn, 8 Deireadh Fómhair. Luaigh Micheál Martin an méid tacaíochta a tugadh láithreach do na seirbhísí éigeandála ón bpobal áitiúil.[4]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "An Craoslach / Creeslough" (ga). logainm.ie. Dáta rochtana: 2022-10-09.
  2. "Deichniúr maraithe sa phléasc ar an Chraoslach i nDún na nGall" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-10-09.
  3. Nuacht RTÉ (2022-10-09). ""Laethanta deacra romhainn"" (as ga-IE). 
  4. 4.0 4.1 4.2 Nuacht RTÉ (2022-10-08). "Deichniúr básaithe i ndiaidh an phléasctha ar an Chraoslach" (as ga-IE). 
  5. Nuacht RTÉ (2022-10-09). "An deichniúr a cailleadh ar an Chraoslach ainmnithe" (as ga-IE).