Jump to content

Plé catagóire:Ficsean eolaíochta

Page contents not supported in other languages.
Cuir topaic leis
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Latest comment: 1 mhí ó shin by Taghdtaighde in topic Scáththéarma á lorg

Scáththéarma á lorg

[athraigh foinse]

Ba mhaith liom scáthchatagóir a chruthú a thabharfadh le chéile cineálacha éagsúla ficsin le chéile a bhfuil gné neamhréadúil ag baint leo (an ficsean eolaíochta, an fhantaisíocht, an t-uafás osnádúrtha srl.). Bheadh sé seo ag freagairt don chatagóir atá i uicithe eile amhail Category:Speculative fiction.

Feicim go bhfuil foinse amháin ann sa Ghaeilge ina dtagraítear do "ficsean tuairimeach", agus foinse amháin eile ina dtugtar "ficsean amhantrach" air. Sin an méid a fuaras go dtí seo.

Maidir le teangacha gaolmhara, tá an chatagóir sin ann i nGaeilge Mhanann mar Ronney:Far-skeealaght heiltynagh agus is iad atá ag Intergaelic mar aistriúcháin ar sheiltynagh ná "barúlach, teoiriciúil, sílteach". Tá mé féin barúlach nach n-oireann an focal áirithe sin sa chás seo, agus go gcuireann 'teoiriciúil' rud éigin ró-chórasach in iúl. Tá an chatagóir sa Bhreatnais mar Categori:Ffuglen ddamcaniaethol agus tá na hiontrálacha seo i bhfoclóir an Mhistéiligh: "damcanieithol: teoiriciúil a2." agus "delfrydol (damcaniaethol): idéalach a1.; (hyfryd, da) ar fheabhas y.adf.; Diwrnod delfrydol, scoth lae." Sílim go gcuirfeadh "ficsean idéalach" míthuiscint ar dhaoine.

Táim ag lorg tuairimí mar sin, an mbeadh fiúntas le catagóir mar seo sa Ghaeilge mura bhfuiltear ag scríobh faoi? Má bheadh, cén Ghaeilge?

Dála an scéil, níl mórán i bhFoclóir an Chóta ná i bhFoclóir Mháirtín Uí Chadhain i dtaobh na bhfocal seo, ach seo na sainmhínithe a thug Ó Duinnín orthu:

Amhantrach

  • aṁantraċ: fortunate; [...] adventurous, wayward. [...]

Síleach srl.

  • síleaċ: haunting, visiting, seeking, unexpected, subtle, miserable, lonely;
  • saoileaċ: thoughtful, imaginative, expectant.
  • saoilteaċ: imagining, suspicious, giving rise to rumours; [...]

Tuairimeach

  • tuairimeach: intelligent, full of suggestions.

Taghdtaighde (plé) 22:28, 6 Meitheamh 2025 (UTC)Reply

Ní miste dom a rá nach bhfuil mé cinnte fós céard é an focal is fearr amach (amhantrach, síleach, tuairimeach, nó ceann eile ar fad amhail samhlach nó taidhbhreach)
Feicim áfach gurb é "úrscéal tuairimeach" a thug Celia de FréineLeabhairCOMHAR ar a húrscéal An Dara Rogha agus tá tráchtairí tar éis a sampla a lorg (nach ionann agus an léirmheas seo ar TFD). Táim ag glacadh leis seo mar aistriúchán ar an dtéarma Béarla agus dá réir sin tá an Catagóir:Ficsean tuairimeach cruthaithe agam. Taghdtaighde (plé) 12:36, 8 Feabhra 2026 (UTC)Reply