Plé úsáideora:FDR

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Haigh, a FDR, agus tá fáilte romhat chuig an Vicipéid! Go raibh maith agat as do chéad dréachtaí anseo. Tá súil agam go mbeidh níos mó ann agus go mbainfidh tú taitneamh as do chuid ama anseo! Tá sé éasca ailt nua a chruthú nó a cheartú. Thig leat dul go dtí an Halla Baile chun caint leis na Vicipéideoirí eile, más mian leat é sin a dhéanamh, nó dul go dtí an Lárionad Comhphobail chun breathnú ar na heachtraí Vicipéide is déanaí. Tá breis eolais úsáidigh in ár reamhrá, freisin.

Más é do thoil é, sínigh do chuid theachtaireachtaí ar leathanaigh phlé le ceithre thilde a chlóscríobh; ciallaíonn sé sin go hionsáfar d'ainm úsáideora agus an dáta go huathoibríoch. Má tá cabhair ag teastail uait, féach ar Vicipéid:Cabhair, nó cuir ceist ormsa nó ar na heagarthóirí eile ar ár leathanaigh phlé. Uair amháin eile, fáilte romhat! SeoMac (talk) 00:54, 21 Márta 2015 (UTC)[reply]

Athruithe[athraigh foinse]

An bhfuil aon fhadhb le mo chuid athruithe?--FDR (talk) 19:14, 21 Márta 2015 (UTC)[reply]

Bhí ábhar na n-athruithe go maith i roinnt cásanna, mar shampla an pointe a rinne tú faoi Sigmund Freud gan a bheith ina shíciatraí. An-mhaith! Níl caighdeán na Gaeilge sna hathruithe maith go leor, áfach.
Rud amháin—le fada an lá, ní ghlacann muid le haistriúcháin uathoibríocha anseo. Ní fiú an trioblóid iad. (Uair amháin, sílim, rinne tú úsáid as aistriúchán uathoibríoch le hábhar as an Wikipedia Simple English. Tá sé sin suimiúil mar sheift (ní dhearna aon duine anseo triail as sin ariamh), ach ní raibh an toradh air sin sásúil ach oiread, faraor.)
Ba chóir duit gan aistriúcháin uathoibríoch a úsáid mar sin. An rud is tábhachtaí ná gan dul thar do chumas sa teanga. Please don't use machine translation and, most important, don't try to go beyond your present ability in the language. Tá tú ag obair air sin, gan dabht, bíodh foighne agat go fóill beag. We should all (myself included) work on our Irish to make this thing real.
Thig leat i gcónaí ár n-aird a tharraingt ar rud le teachtaireacht ghairid ar leathanaigh plé, i nGaeilge nó i mBéarla. Short messages on discussion pages are best, Irish or English.
Thanks for your work. Buíochas leat as do shaothar. SeoMac (talk) 05:36, 22 Márta 2015 (UTC)[reply]