Plé úsáideora:An Gearmánach

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Haigh, a Ghearmánaigh, agus tá fáilte romhat chuig an Vicipéid! Go raibh maith agat as do chuid dréachtaí. Tá súil agam go mbainfidh tú taitneamh as do chuid ama anseo!

Tá sé éasca ailt nua a chruthú nó a cheartú. Téigh go dtí an Halla Baile chun caint leis na Vicipéideoirí eile (más mian leat é sin a dhéanamh), nó téigh go dtí an Lárionad Comhphobail chun breathnú ar na heachtraí Vicipéide is déanaí. Tá breis eolais in ár réamhrá.

Más é do thoil é, sínigh do chuid theachtaireachtaí ar leathanaigh phlé le ceithre thilde a chlóscríobh; ciallaíonn sé sin go hionsáfar d'ainm úsáideora agus an dáta go huathoibríoch. Má tá cabhair ag teastail uait, féach ar Vicipéid:Cabhair, nó cuir ceist ormsa nó ar eagarthóir eile ar ár leathanaigh phlé. Uair amháin eile, fáilte romhat! SeoMac (talk) 02:45, 29 Deireadh Fómhair 2014 (UTC)[reply]

Geirsí Nua[athraigh foinse]

Haigh! Go raibh maith agat as an obair ar fad seo, a Ghearmánaigh. Bhí orm scrios Geirsí Nua a mholadh. Tá alt againn cheana faoi: "New Jersey". (Roghnaíodh an t-ainm a chur i mBéarla, mar "New Jersey" is coitianta in ábhar foilsithe i nGaeilge. Thig linn "Geirsí Nua" a lua san alt féin mar an t-ainm "a chuirtear air uaireanta"—má tá foinsí scríofa ag caointeoirí dúchais againn. Tá 'fhios agam go ndeirtear "Geirsí Nua" agus "Nua-Gheirsí", ach níor thig liom an leabhar a thabhairt gur chuala mé féin é ó chainteoir dúchais ar bith agus níl aon fhoinse scríofa ar eolas agam anois féin.) SeoMac (talk) 00:22, 30 Samhain 2014 (UTC)[reply]