Plé úsáideora:213.94.210.30

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ghlac mé leis an gcuireadh cabhrú chun tionscadal na Vicipéide a chur chun cinn trí eagarthóireacht a dhéanamh ar roinnt leathanach.

Níor aontaigh duine de na heagarthóirí a chuaigh romham le mo chuid athruithe. Tá an cead sin aige agus géillim dó de ghrá an réitigh, bíodh nach n-aontaím féin leis.

Cuireann an dá theachtaireacht thíos díomá orm. Tá brón orm má chuir na hathruithe a rinne mé isteach ar aon duine, ach nach féadfaí a chuir in iúl go múinte sibhialta nach bhfuiltear ag glacadh lena bhfuil déanta agam. Ina ionad sin, tá an teachaireacht a tháinig ón eagarthóir a chuaigh romham maslach tarcaisneach.

Ní raibh sé i gceist agam é a fhreagairt, mar nár theastaigh uaim aon aighneas a adhaint.

Bhain an dara teachtaireacht geit asam áfach. An bhfeileann bagairt dá leithéid do thionscadal atá ceaptha a bheith bunaithe ar chomhoibriú. Níl aon loitiméireacht déanta agam ar an Vicipéid. Ní raibh sé i gceist agam riamh é sin a dhéanamh agus níl amach anseo.

Ó fuair mé an chéad ceann den dá theachtaireacht sin tá cuid de na treoirlínte atá ar fáil ar an leagan Béarla léite agam. Níl siad ann fós sa leagan Gaeilge cé go bhfuil nasc marbh ann.

Molaim go mór na treoracha céanna a léamh, go mór na cinn a bhaineann le cúirtéis.


Ainneoin an mhéid sin thuas molaim riarthóirí agus comhoibreoirí uile na Vicipéide.

Rath Dé ar bhur gcuid oibre.



Fógra:

Tá an seoladh IP seo: 213.94.210.30, cláraithe le GOVERNMENTOFIRELAND (mail.oireachtas.ie). D'fhéadfadh sé go mbíonn níos mó ná aon úsáideoir amháin ag úsáid an seoladh seo.

Má dhéanann aon duine loitiméireacht ar an Vicipéid ón seoladh seo, rachaidh muid i dteagmháil le GOVERNMENTOFIRELAND (mail.oireachtas.ie) chun an stiúrthóir gréasáin áitiúil a chur ar eolas faoi mhí-úsáid an ghréasáin.


Níor chóir an seoladh IP seo a bhlocáil ná na hathruithe a tháinig uaidh a chealú roimh seiceáil éigin a dhéanamh. Más í an bhlocáil an t-aon rogha atá ann, b'fhiú do na riarthóirí triail a bhaint as an mblocáil bhog ar dtús.


Please do not tinker with my edits. It is obvious that you are just playing around with wording instead of adding anything worthwhile, and it is equally obvious that you are simply not good enough at writing Irish to be able to improve my edits in a particular way. Panu Petteri Höglund 13:34, 6 Meán Fómhair 2007 (UTC)[reply]


Maith thú! Éóg1916 20:51, 3 Aibreán 2007 (UTC)[reply]

Cúirtéis[athraigh foinse]

Nílim ró-chinnte cad a bhí i gceist leis an rabhadh agus an díospóireacht ar fad, ach tá cás tábhachtach le phlé againn anseo, i mo thuairim. Caithfidh mé a rá go n-aontáim leis an méid atá scríobtha thuas ag úsáideoir 213.94.210.30. --An Tóin Mór 11:17, 9 Meán Fómhair 2007 (UTC)[reply]

Bhuel, tá Gaeilge réasúnta maith ag mo dhuine, ach ní dhearna sé ach tinkeráil timpeall mo chuid edits. Nuair a bhí "saoldearcadh" agam - téarma atá seanbhunaithe i litríocht Gaeilge ár linne - chuir sé "dearcadh saoil" ina áit, agus uaireanta, - de réir mar a fheictear dom - nuair a bhí focail agus abairtíní agam nár thuig sé (cé gur fhoghlaim mé as litríocht na Gaeltachta iad, agus cé go mbíonn foclóir Uí Dhónaill mar threoir agam an t-am ar fad le focail agus téarmaí a sheiceáil a bhfuilim in amhras fúthu) chuir sé focail nua ina n-áit nach raibh gá ar bith leo. Tá an Vicipéid ag cur thar maoil le síolta a bhfuil fad agus feabhas de dhíth orthu, ach b'fhearr le mo dhuine a chuid téarmaí féin a chur isteach i mo chuid altanna. Nílim a rá gur saoi gan locht mé, ach tá mé den bharúil nach obair fhónta a bhí idir lámhaibh aige de réir aon tuisceana. Panu Petteri Höglund 13:33, 11 Meán Fómhair 2007 (UTC)[reply]


Tá mé cinnte go bhféadfá an méid sin a rá go múinte, seachas mar a rinne. Tá sé ráite sa leagan Béarla go bhfuil cód iompair i measc 5 phrionsabail na Vicipéide ina ndeirtear gur chóir glacadh leis go bhfuil daoine ag feidhmiú le dea-thoil, agus nár chóir ionsaí pearsanta a dhéanamh, rud a rinneadh nuair a cuireadh útamáil ar son na hútamála i mo leith agus nuair a rinneadh mé a mhaslú.

Ceart go leor, tá an ceart agat. Déanaim mo leithscéal. Tá mé ar bheagán foighne, toisc gur minic a tháinig daoine nach raibh d'ainm úsáideora acu ach an seoladh IP ag déanamh athruithe ar mo chuid oibre, agus sa chuid ba mhó de na cásanna bhí siad ar bheagán Gaeilge agus iad, mar a dúirt tú, ag útamáil ar son na hútamála amháin. Mar sin féin, má theastaíonn uait cuidiú linn, b'fhearr liom go gclárófá isteach faoi ainm seasta úsáideora, agus go ndéanfá an chuid ba mhó de do chuid oibre ag cur feabhas ar na síolta ailt nach bhfuil mórán téacs iontu ná mórán feabhais ar an nGaeilge iontu. Nílim a rá nach bhféadfá feabhas a chur ar mo chuid oibre, ach b'fhearr liom tú do chuid moltaí a chur faoi mo bhráid ar mo leathanach plé, nó ar leathanach plé an ailt atá i gceist. Ceart go leor? Panu Petteri Höglund 14:38, 12 Meán Fómhair 2007 (UTC)[reply]

Go raibh maith agat.

Beidh mé ag logáil isteach de ghnáth uaidh seo ar aghaidh.