Plé:Teach na gComóntach
Cuir topaic leisTeach na gComóntach & Foclóir na staire (Tagairt: https://cstair.blogspot.com/2013/01/focloir-na-staire.html)
[athraigh foinse]Thug Vincent Morley an méid seo le fios! "Cad é an leagan Gaeilge is fearr ar an teach íochtarach más ea? ‘Teagh na honóra’ agus ‘teagh na nuasal’ a bhí ag Conchúr Ó Beaglaoich (1732) ar house of lords agus ar house of commons faoi seach – ach is cinnte go mbainfí míchiall as ‘Teach na nUasal’ anois. Mhol O’Neill-Lane (1915) ‘Tuathchomhairle’, leagan nach bhfacas riamh lasmuigh den fhoclóir, ach caithfidh mé a admháil nach mbeadh ‘Teach na dTuataí’ go dona in aon chor. Go deimhin, ní dhá theach ach trí theach a bhíodh i bparlaimint na hÉireann anuas go dtí aimsir an Reifirméisin ach cuireadh deireadh le Teach na Cléire (House of Proctors) nuair a dhiúltaigh sé glacadh leis an socrú nua eaglasta – níorbh fhear é Anraí VIII a ligfeadh do theach suarach parlaiminte srian a chur lena mhianta. Bhaineas féin úsáid as ‘Teach na gComóntach’ cúpla uair. Ní mise a chum an leagan sin ach ní dóigh liom go bhfuil sé le fáil in aon fhoclóir ná ar aon liosta téarmaí. Tá sé le fáil sa reachtaíocht, áfach, tá sé sothuigthe, agus tá sé an-chosúil leis an téarma a úsáidtear sa Ghàidhlig: mar atá, Taigh nan Cumantan. Is leor an méid sin domsa." Ériugena (plé) 15:22, 9 Feabhra 2025 (UTC)
- Molann Téarma.ie agus Foclóir.ie "Teach na dTeachtaí", cé go bhfuil "Cléireach Theach na gCoimíneach" ann mar mhalairt leagain. Is é is mó atá le feiceáil ar corpas.ie freisin (an Uicipéid an t-aon fhoinse ann sin do "Theach na gComóntach"). Ach is cosúil gurb é "Dáil na Breataine" a bhí i gceist leo seo ar fad agus ní léir dom gur chóir dúinn glacadh leis gurb ionann ainmneacha an dá fhoras thall is abhus i nGaeilge díreach mar gheall gurb ionann i mBéarla iad.
- Ó tharla gur foras stairiúil atá i gceist, bheinnse i bhfabhar téarma comhaimseartha a úsáid más ann do cheann seasmhach - an nglacadh le téarmaí seo Uí Bheaglaoich lena ré? Ar an lámh eile, níl fios an uile ní ag an gcoiste téarmaíochta ach is leasc liom briseadh leo bunaithe ar aiste éiginnte a scríobhadh roimh fhairsingiú foclóir.ie. Mar scríbhneoirí chiclipéide, sé an tslat tomhais is fearr dúinn ná cloí le nós phobal saineolaithe ach is scaipthe atá na foinsí sin. Tá súil agam go gcruthófar leabharliosta den saghas atá ag Institiúid Ard-Léinn BÁC don Léinn Cheilteach, ach dírithe ar fhoinsí léannta i nGaeilge san uile ábhar.
- Deir an Morlaíach go bhfuil "Teach na gComóntach" sa reachtaíocht. Is trua nár luaigh sé cá háit. Taghdtaighde (plé) 17:19, 10 Feabhra 2025 (UTC)