Jump to content

Plé:Suarlathas

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Dímholadh 'caclathas'!

[athraigh foinse]

Seo rphost a bhfuair mé inniu! Ar an drochuair níl aon tionchar ag cainteoirí Gaeilge ar na cinntí a dhéanann an Coiste Téarmaíochta!

Fadó, fadó, mhol mé gur cheart rogha a thabhairt don phobal san ábhar seo ach tugafh an chluas bhodhar domh!

Ó; Jenny Ní Mhaoileoin 15:16 (10/02 2925)

Éamonn [sic], a chara,

Pléadh an téarma seo (caclathas) ag cruinniú inniu agus an leagan a faomhadh ná suarlathas

Jenny Ní Mhaoileoin An Coiste Téarmaíochta – www.tearma.ie 01-6398418 Ériugena (plé) 17:23, 10 Feabhra 2025 (UTC)[reply]


Ní hionann sin agus a rá nach bhfuil cead againn leaganacha eile a léiriú, aon uair a chonac an coincheap sa Ghaeilge go dí seo is caclathas a bhí in úsaid. Eomurchadha (plé) 12:29, 11 Feabhra 2025 (UTC)[reply]

De gnáth, is fearr téarma caighdeánaithe amháin a bheith ann do gach coincheap ar leith chun soiléireacht a chinntiú agus chun mearbhall a sheachaint. Thug tú le fios domh go raibh an téarma caclathas ar fáil roimhe seo, ach seachas an t-eolas seo; "B'fhiú Gaeilge a chur ar an bhfocal iontach 'kakistocracy'. Caclathas? Aon mholtaí eile?" (Tagairt: https://x.com/tuairiscnuacht/status/984814313708904448caclathas) níor luaigh tú aon uair eile a chonaic tú an téarma, nó aon eolas breise a chuideodh leis an gCoiste Téarmaíochta! Chuir Cuan Ó Seireadáin an cheist seo ar X (Tagairt:https://x.com/coistenabhfocal/status/1325370632914210816 ) "An bhfuil sé seo (.i. kakistocracy) sa bhfoclóir nua?" Ar androchuair, ní fheicim go bhfuair sé freagra! Nár chuir sé ceist ar an gCoiste Téarmaíochta??Ériugena (plé) 12:00, 14 Feabhra 2025 (UTC)[reply]