Plé:An Éigeandáil

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Plé:Ré na Práinne)

"An Éigeandáil" an téarma a úsáidtear i meáin na Gaeilge ar na saolta seo. Panu Petteri Höglund 06:44, 13 Bealtaine 2006 (UTC)[reply]

Tá cuid mhaith daoine ag scríobh i "meáin na Gaeilge" inniu nár léigh leabhar Gaeilge riamh, agus nach mbeadh eolas dá laghad acu ar ghnáthúsáid na teanga le linn an ama a bhfuil muid ag caint air. Ní dhéanann siad a dhath ach na téarmaí Béarla a aistriú focal ar fhocal. Tá bonn "Ré na Práinne' ag m'athair a bronnadh air i 1945, tar éis dó trí bliana a chaitheamh sa bhFórsa Cosanta Áitiúil nuair a bhí sé ina stócach. - Goll Mac Mórna 13 Bealtaine 2006

Má tá bonn aige, géillim go bhfuil an ceart agat. Is fearr filleadh ar an seantéarma, más é sin téarma lucht na comhaimsire. Mar sin féin, tá mé den tuairim gur chóir leathanach athsheolta a chur ar bun ("redirect" ón Éigeandáil go Ré na Práinne). Admhaím go bhfuil blas deas Gaeltachta ar Ré na Práinne. Panu Petteri Höglund 10:46, 13 Bealtaine 2006 (UTC)[reply]

Níl a fhios agam cá bhfuil an bonn anois, ach tá pictiúr ag an suíomh thíos, agus is féidir an mana a léamh ar éigean air. Cuartóidh mé ceann níos soiléire: [[1]] nó tá sé níos soiléire anseo [[2]] Goll Mac Mórna, 13 Bealtaine 2006

Feicim go bhfuil leathanach athsheolta déanta agat cheana féin. An bhfuil grianghraf digiteach agat den bhonn? Bheadh sé gleoite ar fad mar mhaisiú leis an alt. Panu Petteri Höglund 10:48, 13 Bealtaine 2006 (UTC)[reply]

Chuir mé beagáinín leis, nó bhí stair Chonradh na Gaeilge in aice láimhe agam, agus cur síos ann ar Ghlúin na Buaidhe. Panu Petteri Höglund 11:26, 13 Bealtaine 2006 (UTC)[reply]