Plé:Páirc Parnell

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

An é "Páirc Uí Parnell" an leagan atá le léamh ar na comharthaí sráide?Panu Petteri Höglund 13:47, 12 Aibreán 2007 (UTC)[reply]

Bhuel, thóg mé an litriú seo ón alt atá sa Vici Béarla, rud atá contúirteach, b'fhéidir. Cad faoi Páirc Pharnell? --An Tóin Mór 17:49, 12 Aibreán 2007 (UTC)[reply]
Tá Páirc Pharnell níos fearr ná Páirc Uí Parnell, nó dá mbeadh "Uí" ann, chaithfeá litriú agus gramadach na Gaeilge a chur i bhfeidhm ar an sloinne sin Parnell agus "Páirc Uí Phairnéil" nó rud éigin cosúil leis sin a dhéanamh de. Is amhlaidh, áfach, gur minic a fhágtar an séimhiú ar lár sna sráidainmneacha más sloinne dúchoimhthíoch nó dubh-Ghallda atá agat ansin. Bíonn na liostaí oifigiúla féin lochtach go minic.
Maidir le sráidainmneacha BhÁC, is í an fhoinse is iontaofa, dar liom féin, ná [liosta Shéamuis Uí Bhrógáin], agus mar a fheicfidh tú, is é an leagan de "Parnell Street" agus a leithéidí eile i mBaile Átha Cliath is fearr le Séamas ná "Sráid Parnell" gan séimhiú. I rith na mblianta, d'fhoghlaim mé an-mhuinín a chur i mbreithiúnas Shéamais, agus mar sin, is é mo thuairim nár mhiste dúinn a pholasaí-sean a leanúint i sráidainmneacha agus logainmneacha cathrach taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath féin. Ar ndóigh, má tá údarás áitiúil ann le leagan éigin eile, ní mór dúinn an leagan sin a roghnú, áfach. Panu Petteri Höglund 18:30, 12 Aibreán 2007 (UTC)[reply]
Sea, tá leabharmharca agam go dtí liosta Uí Bhrógáin, an ceann is fearr atá le fáil gan dabht. Mar sin, Páirc Parnell as seo amach. Athróidh mé é. GRMA a Phanu. --An Tóin Mór 19:24, 12 Aibreán 2007 (UTC)[reply]

Agus imreoirí CLG (as BÁC)ag caint as Gaeilge an leagan is minice atá cloiste agam ná Páirc Pharnell. Sin ag scata maith cainteoirí. Rinagaeilge 23:33, 5 Márta 2010 (UTC)[reply]

Botúin déanta ag 194.46.184.112[athraigh foinse]

Caithfidh dul ar ais go dtí an leagan roimh athruithe an úsáideora seo, rinneadh dhá athrú atá mí-cheart. Conas a ndéantar é arís, ní cuimhim liom. GRMA. --Antóin 06:42, 28 Deireadh Fómhair 2008 (UTC)[reply]

Díreach é, go raibh míle maith agat, a Alison! --Antóin 08:48, 28 Deireadh Fómhair 2008 (UTC)[reply]