Plé:Oscar Wilde

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Téacs ón dara alt faoi Oscar, le cumaisc:

Ba dhrámadóir, gearrscéalaí, úrscéalaí agus file é Oscar Fingal O’Flahertie Wills Wilde, a rugadh i mBaile Átha Cliath ar an 16 Deireadh Fómhair 1854 agus a shíothlaigh i bPáras ar an 30 Samhain 1900. Bhí sé ar dhuine de na drámadóirí ba cháiliúla lena linn, iomráiteach as ucht a phearsantacht agus a thráthúlacht araon.

Rugadh Oscar i dteaghlach buirgéiseach Anglacánach, agus bhí cáil mhór ar a thuismitheoirí. Ba mháinlia súl agus cluas é a athair, Sir William Wilde, a scríobh leabhair faoi sheandálaíocht agus bhéaloideas na hÉireann. Ba náisiúnaí Éireannach a mháthair, a scríobh faoin ainm cleite Speranza; scríbhneoirí agus polaiteoirí tábhachtacha ab ea na haíonna a thugadh cuairt go rialta ar a salón agus Oscar ag fás aníos. D’fhreastail sé ar scoil chónaithe i gContae Fhear Manach ó bhí sé 9 mbliana d’aois, agus chaith sé na samhraí lena theaghlach amuigh faoin tuath i gContae Phort Láirge, Loch Garman agus Maigh Eo.

Ó 1871 go 1874 d’fhreastail sé ar Choláiste an Tríonóide i mBaile Átha Cliath. Rinne sé staidéar ar an litríocht chlasaiceach, agus mac léinn den scoth a bhí ann. Bhuaigh sé an Berkeley Gold Medal, an duais is airde a thugtar do mhic léinn san ollscoil sin, agus, i 1874, scoláireacht go Coláiste Magdalen, Oxford, áit ar lean sé ar aghaidh lena chuid staidéir go 1878. Is in Oxford a chuaigh sé leis an ngluaiseacht aeistéitiúil, fealsúnach a d’fhéach le saghas ealaíne a dhéanamh as an saol go léir.

D’fhill Oscar go hÉirinn agus a chuid staidéir críochnaithe aige, agus thit sé in ngrá le cailín nach raibh an méid céanna ceana aici air. Nuair a chuala Oscar go raibh sí dálta le bhfear eile (Bram Stoker, a scríobhfadh Dracula níos déanaí), d’imigh sé as an tír go deo; níor tháinig sé ar ais ach dhá uair, ar chuairteanna gearra. D’fhill sé go Londain Shasana, áit a raibh sé ina chónaí i dtigh péintéara agus ina bhall de chiorcail lucht na n-ealaíon.

In 1879 thosaigh Wilde a thabhairt léachtaí ar phrionsabal an aeistéiticeachais (‘ealaín ar son ealaíne’), agus rinne sé turas léachtaí sna Stáit Aontaithe agus i gCeanada i 1882. Cuireadh i gcló a chéad fhoilseachán, cnuasach filíochta, sa tréimhse seo, ach ní raibh mórán suime ag an lucht léitheoireachta ann.

Sa bhliain 1884 phós sé Constance Lloyd, iníon dlíodóra rachmasaigh. Bhí stipinn de £250 sa bhliain ag dul do Constance, agus bhí an lánúin compordach dá bharr sin. Rugadh beirt mhac, Cyril (1885) agus Vyvyan (1886), dóibh. Tar éis threascairt Oscar, d’athraigh Constance a sloinne, agus sloinne a mac, go Holland.

D’fhoilsigh Oscar a fhinscéal is cáiliúla, The Happy Prince and Other Tales, in 1888, agus trí bliana níos déanaí, The Picture of Dorian Gray, an t-aon úrscéal a scríobh sé. Thosaigh a cháil mar dhrámadóir le léiriú Lady Windermere’s Fan, in 1892. D’éirigh go hiontach leis an dráma sin: thuill an t-údar £7,000 as a chéad léiriú. Níor éirigh chomh maith céanna leis leis a chéad dráma eile, áfach: ní bhfuair sé ceadúnas chun Salomé (1892) a léiriú i Sasana mar gheall ar na gcarachtar Bíobalta a bhí ann. D’fhill sé ar genre na haoire sóisialta, agus bhí gnaoi an phobail leis na drámaí ina dhiaidh sin: A Woman of No Importance (1893), An Ideal Husband (1895), agus The Importance of Being Earnest (1895). Bhí maoin an tsaoil aige, clú agus cáil air, agus clann bhreá aige. Ach bhí saol rúnda aige chomh maith.

Anuas trí na blianta, bhí sé de nós ag Wilde caidreamh gnéasach a bheith aige le hógánaigh, an chuid is mó acu as an lucht oibre. Thug sé ‘ag déanamh féasta le pantair’ ar na heachtraí sin; ba í an chontúirt leath an scleondair, a dúirt sé.

Bhí sé seo contúirteach go leor: ag an am, bhí caidreamh homaighnéasach in aghaidh an dlí. Sa bhliain 1891, chuir sé aithne ar Lord Alfred (‘Bosie’) Douglas, mac le Marcas Queensberry, agus thit sé i ngrá leis. Ar feadh cúpla bliain, bhí siad ina lánúin ionúin, oscailte. Ní raibh an Marcas sásta ar chor ar bith le cúrsaí, ach ní raibh sé in ann sceitheadh ar Oscar gan sceitheadh ar a mhac féin ag an am céanna. I mí Feabhra 1895, d’fhág sé a chárta cuairte i gclub Londain do ‘For Oscar Wilde posing as a Somdomite’ [sic]. Chuir Oscar clúmhilleadh coiriúil ina leith, ach theip air sa chás (ba é Edward Carson aturnae an Mharcais) agus fuarthas é féin ciontach. Chaith sé ceithre bliana sa phríosún as ‘ró-mhígheanas’ agus chaill sé gach aon rud a bhí aige: a chlann, a chairde, a chlú, a mhaoin agus a shláinte.

Tar éis dó imeacht as an bpríosún, chuaigh sé ar deoraíocht go dtí an Fhrainc, áit ar scríobh sé a dhán deireanach, ‘The Ballad of Reading Gaol’, faoina chuid mothúchán nuair a bhí sé sa phríosún. Ceithre bliana tar éis dó teacht amach, d’éirigh sé tinn le meiningíteas ceirbreach. D’iompaigh sé ina Chaitliceach sula bhfuair sé bás. Tá a thuama, i Reilig Père Lachaise i bPáras, fós ina áit oilithreachta. Dealbh de féin os comhair theach a theaghlaigh ar Chearnóg Mhuirfean an cuimhneachán atá aige ina bhaile dúchais.