Plé:Deilí Nua

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Plé:Nua-Deilí)

Deilí Nua

http://www.tearma.ie/Search.aspx?term=New+Delhi&lang=3116649

Feicim an fhadhb. 'Deilí Nua' a thugtar ag an suíomh www.tearma.ie agus sin a úsáidtear freisin sna foinsí is fearr beagnach ar fad (m.sh. RTÉ). Tá sé nádúrtha (domhsa ar a laghad) "Nua" a chur roimh "Deilí", ach ansin caithfidh fleiscín a úsáid agus an d in "Deilí" a shéimhiú. B'fhéidir go gceapann daoine gur rud ciotach atá ann ansin—níl ach aon fhoinse mhaith amháin ann a úsáideann "Nua-Dheilí" (is é sin Fréamh an Eolais). Is é mo thuairim féin gur chóir dúinn dul le "Deilí Nua" ach glacadh le "Nua-Dheilí" má's fearr an leagan sin le heagarthóir/scríbhneoir maith. SeoMac (talk) 21:03, 27 Iúil 2015 (UTC)[reply]

Tuigaim do phointe ach tá roinnt difríochtaí eile idir logainmneacha idir Fréamh an Eolais agus tearma.ie (féach ar an Mhuir Shargasach agus Muir na Feamainne). Cé acu an fíor-údarás? Chaco 28 Iúil 2015 (UTC)

Foinse amháin atá in Fréamh an Eolais, dá fheabhas é. Bailíonn Tearma.ie na téarmaí ó na foinsí údarásacha éagsúla, an liosta in eagráin de An Caighdeán Oifigiúil san áireamh. Ba chóir dúinn Tearma.ie a ghlacah mar údarásach mar sin. I gcás coimhlinte le Fréamh an Eolais, fágaimis téacs F an E féin mar atá sé má tá ciall leis (Nua-Dheilí). Tá "Muir na Feamainne" níos amhrasaí (ceapaim) mar níl an téarma bunaithe chomh dlúth leis an téarma Béarla/idirnáisiúnta. Is dóch gur chóir é a athrú go dtí An Mhuir Shargasach. SeoMac (talk) 04:50, 29 Iúil 2015 (UTC)[reply]