Plé:Na Cealla Beaga

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

An forainm ceart[athraigh foinse]

GRMA, a MhacCambridge, as an méid seo a scríobh tú ar Plé:Báinigh: ' " Is iad na Cealla Beaga atá sa dara háit san tábla, ach tá ceithre chluiche déag imrithe acu. " (http://clgghaothdobhair.com/Notai.asp?id=255&page=76) Ach b'fhéidir gurbh fhearr go bhfágfaimis an forainm anseo ar lár? (de réir GGBC 16.6, ní bhaintear úsáid as an bhfo-ainmní ach "uaireanta"). Cad faoi an leagan seo chun uimhir agus inscne a sheachaint: "Barúntacht ... is ea Báinigh"? '

Rinne mé iarracht teacht ar shamplaí den chineál seo ar an Idirlíon ach theip orm. Thaispeáin mé an abairt (mar a bhí sí scríofa roimhe) do chainteoir dúchais a oibríonn sna meáin Ghaeilge. Cheap sí gurb 'é' an rogha ab fhearr, ar an ábhar "nach bailiúchán ceall atá i gceist ach baile". Glacaim gur cainteoir dúchais a roghnaigh "iad" thuas ansin fosta agus é/í cleachta ar an úsáid logánta, b'fhéidir. Ceist achrannach (agus oscailte) ach cuirfidh mé "iad" ar ais. SeoMac (plé) 20:00, 31 Iúil 2017 (UTC)[reply]