Plé:Mary Elizabeth Byrne
Cuir topaic leisCuma
Latest comment: 9 mí ó shin by Moilleadóir in topic Rop tú mo baile
Rop tú mo baile
[athraigh foinse]Nóta beag mar bhí abairt iomrallach san alt (⁊ san alt Béarla) faoin iomann “Bí Thusa ’mo shúile”. Is aistriúchán (nó athleagan i ndáiríre) é, bunaithe ar an leagan Béarla “Be thou my vision” (1912). Ní raibh sé ann in 1905 ar chor ar bith agus níl aon bhaint aige le Mary Byrne.
Tá litrithe éagsúla ann don bhuntéacs Mheán-Ghaeilge: san alt in Ériu (1905) thug Mary Byrne “Rob tu mo bhoile, a Comdi cride”; thug Gerard Murphy leagan níos caighdeánaithe in Early Irish Lyrics (1956)—“Rop tú mo baile, a Choimdiu cride”—agus ’sé an leagan sin atá ag CELT.
Baile/boile = buile sa Nua-Ghaeilge, ach tá brí cineál diúltach ag baint leis anois. Fís diaga a bhí i gceist.
Na foinsí lámhscríbhinní:
- Leabharlann Náisiúnta NLI GS 3 f. 22r ~ Rab tu mu baíli
- Acadamh Ríoga na hÉireann MS 23 N 10, p.95 ~ Rob tu mo boile