Plé:Comhairle Chomhairleach Bhuiséadach na hÉireann

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Deir 'An tAcht um Fhreagracht Bhuiséadach, 2012 (Acht 39 de 2012) An Bille um Fhreagracht Bhuiséadach, 2012 (Bille 66 de 2012), an méid seo a leanas; Bille dá ngairtear Acht do dhéanamh socrú chun a áirithiú go ngabhfaidh éifeacht i ndlí an Stáit leis na rialacha in Airteagal 3 den Chonradh ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta de réir mhír 2 den Airteagal sin agus go ngabhfaidh éifeacht sa Stát leis an riail in Airteagal 4 den Chonradh sin; do dhéanamh socrú de réir Airteagal 3 den Chonradh sin i ndáil le cuspóir buiséadach meántéarmach agus le sásra ceartúcháin; do bhunú comhlachta ar a dtabharfar Comhairle Chomhairleach Bhuiséadach na hÉireann nó, sa Bhéarla, the Irish Fiscal Advisory Council agus do dhéanamh socrú i dtaobh a feidhmeanna; agus do dhéanamh socrú i dtaobh nithe gaolmhara (Tagairt: https://www.oireachtas.ie/ga/bills/bill/2012/66/)

Ní thuigim cén fáth go bhfuil an leagan neamhoifigiúil 'Comhairle Fhioscach Chomhairleach na hÉireann' anseo?? Ériugena (plé) 12:56, 28 Samhain 2021 (UTC)[reply]