Plé:Cadal

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Níl alt chiclipéideach sa méid seo, ach b'fhéidir go mbeadh sé inúsáidte ag leabhar cócaireachta éigin ag Vicíleabhair; mar sin, nior scrios mé é, ach d'aistrigh mé an t-inneachar ó Coddle go dtí an lch seo go dtí go gcuirfear tús le leabhar cócaireachta ag Vicíleabhair. --Gabriel Beecham 23:30, 5 Aibreán 2006 (UTC)[reply]

Na Comhábhair.[athraigh foinse]

  • 450 gr. prátaí.
  • 200 ml. bainne.
  • 300 gr. bágún, (gearrtha ina phíosaí beaga.)
  • cairéad amháin, ( gearrtha ina phíosaí beaga.)
  • cainneann amháin (gearrtha ina phíosaí beaga.)
  • 25 gr. im.
  • 200 ml. uisce.
  • Salann agus piobar.


An Modh.[athraigh foinse]

Cuir na prátaí agus uisce fuar isteach i sáspan agus dein iad a bheiriú ar feadh 15-20 nóiméad nó go mbíonn na prátaí bog. Cuir an bágún, an cairéad, an cainneann agus cuid den im isteach i bhfriochtán agus déan iad a fhriochadh ar feadh 4-5 nóiméad. Cuir an t-uisce isteach sa fhriochtán leis na h-ábhair eile agus fág ar theas íseal iad go dtí go mbíonn na glasraí go breá bog. Brúigh na prátaí agus cuir isteach an bainne agus a bhfuil fágtha den im leo. Dein an bágún agus na glasraí a mheascadh leis na prátaí bruite agus ansin bain sásamh astu.